Dáta luachála agus luach na sochar

Léargas ginearálta

Má fhaightear bronntanas nó oidhreacht, féadfaidh sé go bhfuil dualgas ort Tuairisceán foirm IT38  a thíolacadh agus Cáin Fháltas Caipitiúil (CFC) a íoc. I gcúinsí áirithe, d'fhéadfadh sé go mbeadh dualgas ort Foirm IT38 a thíolacadh cé nach bhfuil dliteanas CFC agat. Le haghaidh tuilleadh eolais faoi dhualgais tíolactha, féach ar Do Thuairisceán Cánach Bronntanais nó Oidhreachta (IT38) a chomhlánú.

Ní mór duit luach inchánach do bhronntanas nó d'oidhreachta a ríomh lena chinneadh an bhfuil aon CFC dlite agus an gá duit Foirm IT38 a thíolacadh.

Tabhair do d'aire

Má tá faoiseamh talmhaíochta nó faoiseamh gnó á éileamh agat ní mór duit Foirm IT38 a thíolacadh beag beann ar luach inchánach do bhronntanais nó d'oidhreachta. Féadfaidh sé sin a bheith i gceist freisin má fhaigheann tú bronntanas nó iasachtaí áirithe teaghlaigh.

Is é an luach inchánach an tsuim ar a n-íocann tú CFC, tar éis aon ghrúpthairseacha, faoisimhdíolúintí atá ar fáil a chur i bhfeidhm

Is é an dáta luachála an dáta a bhunaítear luach inchánach bronntanais nó oidhreachta chun críocha CFC.

Féadtar tuilleadh sonraí faoi CFC a fháil sa rannán Cáin Bhronntanais agus Oidhreachta.

Ar aghaidh: Céard é an dáta luachála?