Dáta luachála agus luach sochar

Blianachtaí agus íocaíochtaí peiriadacha eile

Is éard is blianachtaí ann, nó íocaíochtaí tréimhsiúla, ná íocaíochtaí a dhéantar le duine ag eatraimh sheasta ar feadh tréimhse sheasta, nó ar feadh tréimhse saoil. Má fhaigheann tú blianachtaí nó íocaíochtaí tréimhsiúla mar bhronntanas nó mar oidhreacht, féadfaidh sé go mbeidh ort cáin a íoc orthu.

Cén chaoi a ndéantar luach incháinithe a ríomh?

Féadtar luach margaidh na blianachta a ríomh ar an gcaoi seo:

  1. Roinn an bhlianacht ar an toradh ar an stoc.
  2. Méadaigh an luach seo faoin bpraghas in aghaidh an aonaid stoic.

Chun luach blianachta a ríomh, meaitseáil suim an stoic Rialtais a theastaíonn le go bhfaighfí tuillimh bhliantúla ar luach cothrom. Féadtar an stoc Rialtais infheidhme a fháil ó Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Naisiúnta (GBCN).

Chun luach incháinithe na blianachta a ríomh, roghnaigh an stoc deiridh a eisíodh ar an dáta sochair. An luach incháinithe ná praghas an stoic sin ar Irish Stock Exchange ag an dáta luachála.

Ní mór don stoc Rialtais a bheith infhuascailte tráth nach luaithe ná deich mbliana tar éis an dáta a eisíodh é.

Má fhaigheann tú leas blianachta toisc go bhfuil deireadh tagtha le cearta duine eile ina leith, ríomhann tú an luach incháinithe mar atá leagtha amach thuas. Roghnaíonn tú an eisiúint is déanaí de Stoc Rialtais, agus úsáideann tú an dáta nuair a tháinig deireadh le ceart an duine eile chun praghas an stoic a fháil amach.

Má shocraíonn iontaobhaí méid na blianachta a íoctar in aghaidh na bliana, ní féidir leat ach an méid incháinithe don bhliain sin a shocrú. Sa chás seo caitear le gach íocaíocht mar shochar faoi leith faighte ar an dáta ar a íoctar an bhlianacht gach bliain.

Ar aghaidh: Saor úsáid maoine agus iasachtaí saor ó ús