Dáta luachála agus luach sochar

Fachtóirí úsáidte chun luach leas teoranta a ríomh

Chun luach incháinithe leasa theoranta a ríomh, tá dhá thábla curtha ar fáil in Sceideal 1 den Acht Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil, 2003.

I dTáblaí A agus B, tugtar na rialacha chun an luach incháinithe a ríomh le haghaidh an mhéid seo:

  • saol aonair
  • saolta comhpháirteacha
  • an ceann is faide de dhá shaol nó níos mó
  • leas atá ráthaithe le haghaidh am sonraithe.

Féadann leas a bheith ina leas le haghaidh saoil nó saolta, agus sa chás céanna féadtar é a ráthú le haghaidh am sonraithe. Sa chás seo, ní mór gurb é an luach a úsáideann tú ná an ceann is airde a ríomhadh ó Thábla A nó ó Thábla B.

Cén chaoi le Tábla A a úsáid (Iolraitheoirí le haghaidh leasanna saoil)

Luach leasa theoranta a ríomh trí luach an tsochair a iolrú faoin bhfachtóir a bhaineann leis an aois agus inscne chuí.

I gcás leas teoranta do bheirt, is é an fachtóir aoise a úsáidtear ná an ceann le haghaidh an duine is sine. Ní mór é seo a iolrú faoin bhFachtóir Comhpháirteach cuí d’aois an duine is óige.

Cén chaoi le Tábla B a úsáid (Iolraitheoirí le haghaidh leasanna teoranta a thógtar le haghaidh tréimhse áirithe)

Méadaítear luach an tsochair faoin ‘Luach leasa’ cuí do líon na mblianta iomlána sa tréimhse.

Féadfaidh sé gur tréimhse í seo nach tréimhse líon slán blianta cruinne í, ach gur tréimhse blianta cruinne móide cuid de bhliain í. (Mar shampla, seacht mbliana agus ocht mí). Beidh ort luach na páirtbhliana a ríomh ar leithligh:

  • Ríomh luach leasa le haghaidh bliain amháin sa bhreis ar líon iomlán na mblianta.
  • Dealaigh an tsuim seo ón luach a ríomh tú don líon iomlán blianta.
  • Ríomh an sciar den bhliain:
    • i gcás míonna, roinn ar 12 agus iolraigh faoi líon na míonna
    • i gcás laethanta, roinn ar 365 agus iolraigh faoi líon na laethanta.

Ar aghaidh: Cearta cónaitheachta