Tugann Anne úsáid a tí dá col ceathrar Colette ar an 1 Eanáir 2022. Is é €15,000 an cíos bliantúil a d'fhéadfadh Anne a fháil ar an maoin. Íocann Colette €5,000 sa bhliain mar chíos.
Meastar go bhfuair Colette na bronntanais seo a leanas in 2022 agus 2023:
- ar an 31 Nollaig 2022, bronntanas de €10,000 (luach margaidh an chíosa bhliantúil (€15,000) lúide €5,000 cíos íoctha).
- ar an 31 Nollaig 2023, bronntanas de €10,000 (luach margaidh an chíosa bhliantúil (€15,000) lúide €5,000 cíos íoctha).
Tar éis an díolúine €3,000 i leith bronntanais bheaga a cheadú, is é €7,000 luach incháinithe gach bronntanas.
Ar an 30 Meitheamh 2024 bogann Colette amach agus tagann deireadh lena húsáid den mhaoin.
Meastar go bhfuair Colette bronntanas ar an 29 Meitheamh 2024 ar luach €5,000 ((€7,500) luach margaidh Eanáir go Meitheamh lúide €2,500 cíos íoctha).
Tar éis an díolúine €3,000 i leith bronntanais bheaga a cheadú, is é glanluach incháinithe an bhronntanais in 2024 ná €2,000.
Cuirtear gach bronntanas san áireamh chun críocha comhiomlánaithe.