Faoiseamh Gnó

Léargas ginearálta

Má fhaigheann tú maoin ghnó le hoidhreacht nó mar bhronntanas, féadfaidh sé go bhfuil tú incháilithe le haghaidh Faoiseamh Gnó. Deonaítear faoiseamh gnó ar mhaoin gnó a aistriú.

Baineann an faoiseamh le:

  • aistriú gnó
  • scair i gcuideachta
  • scaireanna nó urrúis chuideachta a bhfuil gnó ar bun acu.

Ní bhaineann an faoiseamh le sócmhainní aonair, fiú má úsáidtear na sócmhainní sin sa ghnó.

Laghdaíonn an Faoiseamh Gnó luach incháinithe na maoine gnó agus ríomhtar Cáin Fáltas Caipitiúil (CFC) 90% uirthi. Tá sé seo faoi réir coinníollacha.

Is éard is gnó ann ná gníomhaíocht, amhail trádáil nó gairm bheatha a dhéantar chun brabús a thuilleamh.

Féadfaidh sé go bhfuil maoin talmhaíochta nach gcáilíonn le haghaidh Faoiseamh Talmhaíochta incháilithe le haghaidh Faoiseamh Gnó.

Ar aghaidh: Céard iad na coinníollacha le haghaidh Faoiseamh Gnó?