Faoiseamh Gnó

Cén chaoi a ríomhtar suim an fhaoisimh

Laghdaítear luach incháinithe na maoine gnó ábhartha faoi 90%.

Ríomhtar an luach incháinithe tríd an tsuim seo a leanas a bhaint ó luach margaidh na maoine gnó ábhartha:

  • dliteanais
  • costas
  • caiteachais
  • agus
  • aon chineál comaoine.

Is éard atá sa chomaoin ná an tsuim airgid nó luach an airgid a íocann an duine atá ag fáil an bhronntanais nó na hoidhreachta i leith na maoine gnó.

Sócmhainní eiscthe

Ní chuirtear sócmhainní áirithe, ar a dtugtar 'sócmhainní eiscthe', san áireamh sa laghdú 90% nuair a bhíonn an luach incháinithe á ríomh.

Is sócmhainn eiscthe í sócmhainn mura rud é:

  • Úsáideadh é go hiomlán nó go formhór chun críocha an ghnó ar feadh dhá bhliain ar a laghad roimh an mbronntanas nó an oidhreacht. Ciallaíonn 'go hiomlán nó go formhór' níos mó ná 50%.
  • Ag am an bhronntanais nó na hoidhreachta, bhí sé riachtanach é a úsáid chun críche gnó ar leith laistigh de na 6 bliana amach romhainn. Ní mór an tsócmhainn a úsáid go hiarbhír chun a críche gnó sonraithe laistigh den tréimhse sé bliana sin nó tarraingeofar siar an faoiseamh.

Ina theannta sin, ní mór aon ghnó nua a cheannaíonn cuideachta laistigh den tréimhse íosta úinéireachta a eisiamh ón ríomh. Ní bhaineann sé seo leis seo má tá an gnó nua ag athsholáthar an ghnó atá ann cheana go hiomlán nó go páirteach.

Ar aghaidh: Tréimhse íosta úinéireachta ar mhaoin gnó