Faoiseamh Gnó

Cén chaoi a éilíonn tú Faoiseamh Gnó?

Bain úsáid as moChúrsaí nó Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) chun Faoiseamh Gnó a éileamh trí do thuairisceán IT38.

Ní mór duit tuairisceán IT38 a thíolacadh má tá faoiseamh gnó á éileamh agat ar bhronntanas nó oidhreacht. Beidh feidhm aige seo fiú mura sáraíonn luach iomlán incháinithe na sochar roimhe seo 80% den tairseach chuí nuair a chuirtear iad le luach incháinithe an tsochair cháilithigh reatha don fhaoiseamh.