Faoiseamh Gnó

Cúinsí inar bhféadtar faoiseamh a tharraingt siar

Féadtar faoiseamh ar mhaoin gnó ábhartha a tharraing siar go hiomlán nó go páirteach sna cásanna seo:

  • go scoireann an gnó de thrádáil taobh istigh de sé bliana ó dháta an bhronntanais nó na hoidhreachta
  • má dhíoltar, má fhuasclaítear nó má thógtar go héigeantach an mhaoin gnó ábhartha taobh istigh de sé bliana ó dháta an bhronntanais nó na hoidhreachta. Má athchuirtear maoin in ionad na maoine seo taobh istigh de bhliain amháin, ní tharraingeofar an faoiseamh siar.
  • go bhfuil an mhaoin gnó ábhartha déanta suas de thalamh forbartha agus go ndiúscraítear é taobh istigh de dheich mbliana ó dháta an bhronntanais nó na hoidhreachta.

Ní tharraingeofar siar faoiseamh nuair a scoireann gnó de thrádáil mar thoradh ar fhéimheacht nó ar fhoirceannadh fhorais dócmhainneachta.

Ar aghaidh: Cén chaoi a éilíonn tú Faoiseamh Gnó?