Corpraíodh GHL Teo, cuideachta phríobháideach, in Éirinn an 1 Samhain 1980. Níor eisigh sí ach rang amháin scaireanna. Tá siad seo i seilbh ag:
Seán Ó Buachalla (tuismitheoir) 40%
Máire Uí Bhuachalla (tuismitheoir) 40%
Micheál Ó Buachalla (mac) 20%
Níl gaol ag Caitríona le muintir Uí Bhuachalla. D’oibrigh sí mar bhainisteoir cuntas go lánaimseartha leis an gcuideachta ó 1 Samhain 1980. Is mian le Seán scairsheilbh 10% a thabhairt do Chaitríona mar bhronntanas.
Cáileoidh na scaireanna seo mar mhaoin gnó ábhartha má leanann Caitríona ar aghaidh ag obair go lánaimseartha sa chuideachta go dtí an dáta a fhaigheann sí an bronntanas.