Faoiseamh Gnó

Tréimhse íosta úinéireachta ar mhaoin gnó

Ní mór go raibh an mhaoin gnó ábhartha faoi úinéireacht an duine atá ag tabhairt an bhronntanais nó na hoidhreachta ar feadh tréimhse leanúnach ar a laghad:

  • i gcás oidhreachta a tógadh ar bhás an diúscróra, dhá bhliain díreach roimh dháta na hoidhreachta
  • in aon chás eile, cúig bliana díreach roimh dháta an bhronntanais nó na hoidhreachta.

Féadtar an riachtanas íosta úinéireachta a shásamh go páirteach má bhí an maoin faoi úinéireacht:

  • céile nó páirtnéir sibhialta an duine
  • iontaobhaí.

Ar aghaidh: Cúinsí inar bhféadtar faoiseamh a tharraingt siar