Treoir maidir le Mionnscríbhinn Ioncaim Intíre (CA24) a chomhlánú

Níl an Mionnscríbhinn Ioncaim Intíre (CA24) ar fáil a thuilleadh i leith iarratais ar Dheonú Probháide nó Litreacha Riaracháin nuair a fuair an duine éagtha bás ar an 5 Nollaig 2001, nó dá éis. Ón 14 Meán Fómhair 2020, le Deonú Probháide nó Litreacha Riaracháin a fháil, is gá Foirm SA2 um Ráiteas Cúrsaí a chomhlánú ar líne anois ar moChúrsaí nó ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).

Básanna roimh an 5 Nollaig 2001

Má fuair an duine éagtha bás roimh an 5 Nollaig 2001, is gá Inland Revenue Affidavit (Form CA24 2000 edition) a chomhlánú. Ní mór an fhoirm seo a thíolacadh i ndúblach do na Coimisinéirí Ioncaim chuig an seoladh seo a leanas:

Seirbhísí Féinmheasúnaithe
Rannóg na gCánacha Pearsanta
Bosca Poist 13755
Inis
Co. an Chláir.

01 738 3673