Cáin Gnóthachan Caipitiúil (CGC) ar dhíol, ar bhronntanas, nó ar mhalartú sócmhainne

Deimhniú Imréitigh CGC (CG50A)

Is gá deimhniú CG50A a bheith agat má dhíolann tú:

  • sócmhainn ar an 25 Márta 2002 nó dá éis ar luach €500,000 nó níos mó
  • teach nó árasán ar an 1 Eanáir 2016 nó dá éis ar luach €1 milliún nó níos mó.

Cén chaoi le CG50A a fháil?

Le CG50A a fháil uainn, ní mór duit ar a laghad ceann amháin de na critéir seo a leanas a chomhlíonadh:

  • a bheith cónaitheach sa tír seo
  • CGC a bheith íoctha agat ar an diúscairt (má tá sé dlite).

Cén chaoi a ndéantar iarratas ar CGT50A

Féadtar iarratais ar CG50A a dhéanamh ar líne in moChúrsaí nó Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) tríd iad seo a leanas a roghnú:

  • Seirbhísí eile
  • áis Imréiteach Gnóthachan Caipitiúil (eCG50) ina dhiadh sin.

Tá tuilleadh sonraí maidir leis an chaoi le hiarratas a dhéanamh ar líne le fáil sa Guide for Applicants (TDM 42-03-01a).

An bhféadann gníomhaire iarratas ar CG50A a dhéanamh duit?

Féadann do ghníomhaire iarratas ar CG50A a dhéanamh duit (an díoltóir). Ní mór an méid thíos a bheith san áireamh le d’iarratas:

  • d’ainm agus seoladh
  • d’Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP) má tá tú cónaitheach in Éirinn.

Féadfaidh sé go mbeadh doiciméid eile ag teastáil ag brath ar an iarratas. 

Céard a tharlaíonn mura bhfaigheann tú CG50A?

Tá dualgas ar an gceannaitheoir 15% den phraghas ceannaigh a choinneáil siar uait. Tugtar Alt 980 air seo. Tabharfaidh an ceannaitheoir Form CG50B duit ansin. Ligfidh sé seo duit an tsuim a choinnigh siad siar a aiséileamh uainn ag dáta níos déanaí. Féadtar teacht ar an bhfoirm CG50B ar líne tríd an áis Imréiteach Gnóthachan Caipitiúil in moChúrsaí nó ROS.

Tacaíocht do chustaiméirí nach bhfuil ríomh-chumasaithe

Leanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim de thacaíocht a thabhairt do chustaiméirí nach bhfuil sé ar a gcumais iarratais a thíolacadh ar líne. Féadfaidh tú leanúint ar aghaidh d’Fhoirm CG50 le cóip den chonradh díola agus doiciméid cuí eile a sheoladh. Féadtar é seo a sheoladh chuig d’oifig áitiúil de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim tríd an bpost nó trí M’Fhiosruithe.