Cáin Gnóthachan Caipitiúil (CGC) ar dhiúscairt sócmhainne

Scaireanna a dhíol nó a dhiúscairt

Tá sé furasta CGC a ríomh má tá an aicme chéanna ag do scaireanna uile agus go bhfuarthas ag an tráth céanna iad.

Tá rialacha speisialta ag baint le CGC a ríomh nuair a fhaightear scaireanna:

  • ar dhátaí difriúla
  • trí eisiúint bónais nó eisiúint cearta
  • agus
  • d’aicme dhifriúil.

Scaireanna a fhaightear ar dhátaí difriúla

Féadfaidh sé go mbeidh scaireanna den aicme chéanna a fuair tú ar dhátaí difriúla i do sheilbh. Nuair a dhéantar cuid de na scaireanna a dhiúscairt, caitear leis na scaireanna is sine mar go ndíoltar ar dtús iad. Tugtar an riail Is Túisce Isteach Is Túisce Amach (FIFO) air seo.

Agus an riail FIFO in úsáid, ríomhtar an costas incheadaithe trí chostas na scaireanna a cheannaítear ar dtús a úsáid.

Scaireanna a cheannaítear agus a dhíoltar laistigh de thréimhse ceithre seachtaine

Bíonn rialacha speisialta i gceist le scaireanna a cheannaítear agus a dhíoltar ansin laistigh de cheithre seachtaine.

Sa chás go ndíoltar scaireanna laistigh de cheithre seachtaine ón gceannach, déileálann na Coimisinéirí Ioncaim leis na scaireanna a díoladh mar an gcéanna leis na scaireanna sin a ceannaíodh ceithre seachtaine roimhe sin. Tugtar an riail is déanaí isteach, is túisce amach (DITA) air seo.Sa chás go bhfuil líon na scaireanna a dhíoltar níos mó ná líon na scaireanna a cheannaítear sna ceithre seachtaine roimhe sin, baineann an gnáthriail DITA leis na scaireanna breise.

Sampla 2

Cheannaigh Tara 1,000 gnáthscair in Alpha Ltd. ar an 2 Eanáir 2026. Cheannaigh sí 2,000 gnáthscair eile in Alpha Ltd. ar an 1 Aibreán 2026.

Ar an 14 Aibreán 2026, dhíol Tara 2,000 gnáthscair in Alpha Ltd. Ós rud é gur tharla an diúscairt laistigh de cheithre seachtaine ó cheannach, déileálann na Coimisinéirí Ioncaim leis na scaireanna a díoladh mar na scaireanna a ceannaíodh ar an 1 Aibreán 2026.

Scaireanna a dhíoltar agus a athcheannaítear laistigh de thréimhse ceithre seachtaine

Tá feidhm ag srian ar fhaoiseamh i leith caillteanais maidir le scaireanna a dhíoltar agus a athcheannaítear laistigh de cheithre seachtaine. Má eascraíonn aon chaillteanas as an díol, ní dhéanfar fritháireamh ach in aghaidh gnóthachain a dhéantar ar dhiúscairt na scaireanna athcheannaithe ina dhiaidh sin. Sa chás go mbaineann an t-athcheannach le codán de na scaireanna a dhíoltar, baineann an codán céanna leis an srian ar an gcaillteanas.

Sampla 3

Dhíol Jane 3,000 gnáthscair in Abcee Ltd. ar an 14 Márta 2026, ag déanamh caillteanas de €1,000. Cheannaigh Jane 3,000 gnáthscair in Abcee Ltd. ar an 1 AIbreán 2026. Cheannaigh Jane gnáthscaireanna in Abcee Ltd. arís laistigh de cheithre seachtaine ó dhíol. Dá bhrí sin, ní féidir léi ach an caillteanas €1,000 a úsáid chun aon ghnóthachain a dhéantar ar dhíol na scaireanna athcheannaithe sa todhchaí a laghdú.

Eisiúintí bónais nó eisiúintí cearta

Féadfaidh sé go bhfaighfeá scaireanna breise ó eisiúint bónais nó ó eisiúint cearta. Caitear leis na scaireanna seo mar go bhfuarthas iad ag an am céanna a fuarthas na scaireanna bunaidh.

Eisiúint bónais

Is éard atá i gceist le heisiúint bónais ná nuair a eisíonn cuideachta scaireanna breise chuig scairshealbhóir saor in aisce.

Mura bhfuil na scaireanna uile atá i do sheilbh á ndíol agat, is gá duit costas in aghaidh na scaire a ríomh. Ríomhtar é seo tríd an gcostas bunaidh a roinnt faoi líon nua na scaireanna.

Má tá na scaireanna uile á ndíol agat, meastar go bhfuil an costas bunaidh mar chostas do na scaireanna uile.

Eisiúint Cearta

Is éard atá i gceist le heisiúint cearta ná nuair a eisíonn cuideachta scaireanna chuig scairshealbhóir ar chostas atá níos lú na luach margaidh na scaireanna.

Nuair a dhéantar na scaireanna seo a dhiúscairt, tugtar caiteachas luachmhéadaithe ar chostas na heisiúna cearta.

Mura bhfuil na scaireanna uile á ndíol agat, is gá duit:

  • costas na scaireanna a díoladh a ríomh. Chun é seo a dhéanamh:
    • roinn an costas bunaidh faoi líon nua na scaireanna
    • agus
    • iolraigh é seo faoi líon iomlán na scaireanna a díoladh.
  • caiteachas luachmhéadaithe na scaireanna a díoladh. Chun é seo a dhéanamh:
    • roinn costas na scaireanna cearta faoi líon nua na scaireanna
    • agus
    • iolraigh é seo faoi líon iomlán na scaireanna a díoladh.

Scaireanna d’aicme dhifriúil

Féadfaidh sé go bhfaighfeá scaireanna, faoi eisiúint bónais nó eisiúint cearta, atá mar chuid d’aicme dhifriúil ná mar atá agat. Toisc go bhfuil na scaireanna mar chuid d’aicmí difriúla, ní fhéadtar costas incheadaithe na scaireanna a diúscraíodh a aithint.

Is gá costas (nó caiteachas luachmhéadaithe) gach aicme scaire a ríomh. Chun é seo a dhéanamh:

  • iolraigh an costas bunaidh faoi luach margaidh aicme na scaire
  • agus
  • roinn é seo faoi luach margaidh iomlán an dá aicme scaire.

Luach margaidh

Is é seo an luach margaidh:

  • i gcás scaireanna luaite, is é an praghas a luaitear ar stocmhargadh ar an lá tar éis eisiúint bónais nó eisiúint cearta
  • agus
  • i gcás scaireanna nach luaitear ar stocmhargadh, is é luach na scaireanna ar an dáta diúscartha.

Ar aghaidh: Deimhniú Imréitigh CGC (CG50A)