Tír a bhfuil CCD déanta aici le hÉirinn
Tá Micheál cónaitheach in Éirinn. Cheannaigh sé maoin eachtrach in 2011 ar €100,000. Dhíol sé in 2024 é ar €201,270. D’íoc sé CGC eachtrach €15,000 air. Ní raibh aon ghnóthachain ná caillteanais eile aige an bhliain sin.
Tá CCD ag Éirinn a chlúdaíonn CGC leis an tír a bhfuil maoin Mhichíl ann. Féadann Micheál creidmheas a éileamh don CGC eachtrach a íocadh i leith na suime CGC Éireannach atá dlite le híoc aige.
CGC Éireannach Mhichíl a ríomh
| Cur síos |
Suim |
| An praghas díola |
€201,270 |
| Lúide costais incheadaithe: |
|
| An praghas ceannaigh |
€100,000 |
| Gnóthachan inmhuirir |
€101,270 |
| Lúide díolúine phearsanta |
€1,270 |
| Gnóthachan incháinithe Éireannach |
€100,000 |
| CGC Éireannach (33% de €100,000) |
€33,000 |
| Lúide an creidmheas CGC eachtrach |
€15,000 |
| CGC Éireannach dlite |
€18,000 |