Ioncam ó chíos eachtrach

Léargas ginearálta

Ní mór duit cáin na hÉireann a íoc ar ioncam a fhaigheann tú ó mhaoin eachtrach a ligean ar cíos, má tá tú cónaitheach in Éirinn nó má tá gnáthchónaí agus sainchónaí ort in Éirinn.

Mura bhfuil sainchónaí ort in Éirinn, ní íocfaidh tú ach cáin na hÉireann ar an ioncam ó chíos eachtrach a thógann tú isteach go hÉirinn. Tugtar an ‘bonn seoltáin’ ar an gcineál seo cánachais. Ar an mbonn seoltáin, gearrtar cáin ort ar mhéid iomlán an ioncaim ó chíos a íocann tú gan aon asbhaintí i leith an mhéid sin.  Féach an bonn measúnaithe seoltán le haghaidh tuilleadh eolais.

Sa rannán seo, gheobhaidh tú tuilleadh eolais faoin gcaoi le ríomh a dhéanamh ar an ioncam ó chíos eachtrach atá incháinithe in Éirinn.

Ar aghaidh: Céard iad na costais agus na hasbhaintí a cheadaítear?