CCD i bhfeidhm idir Éire agus an tír eile
Ríomh an cháin Éireannach ar d’ioncam ó chíos eachtrach nuair atá CCD i bhfeidhm idir Éire agus an tír eile.
| Ioncam | Luach |
| Ioncam Éireannach (gach foinse) |
€90,000 |
| Ioncam ó chíos eachtrach |
€10,000 |
| Ioncam iomlán |
€100,000 |
Is 1/10 den ioncam iomlán é an t-ioncam ó chíos eachtrach. Má thógtar an ráta Cánach Ioncaim ag 40%, an cháin Éireannach atá dlite ar an ioncam iomlán ná €40,000. 1/0 de seo ná €4,000, arb ionann é agus an cháin Éireannach atá dlite ar an ioncam ó chíos eachtrach.
Ríomh an cháin Éireannach ar an ioncam ó chíos eachtrach, tar éis an cháin eachtrach a íocadh a fhritháireamh, nuair atá CCD i bhfeidhm idir Éire agus an tír eile.
| Ioncam | Luach |
| Cáin Éireannach dlite ar ioncam ó chíos eachtrach |
€4,000 |
| lúide an cháin eachtrach a íocadh ar ioncam ó chíos eachtrach |
(€3,500) |
| Cáin Éireannach dlite ar ioncam ó chíos eachtrach tar éis an cháin eachtrach a íocadh a fhritháireamh |
€500 |
Ríomh iomlán na cánach Éireannaí atá dlite nuair atá CCD i bhfeidhm idir Éire agus an tír eile
| Ioncam | Luach |
| Cáin Éireannach dlite ar ioncam iomlán |
€40,000 |
| lúide cáin Éireannach dlite ar ioncam ó chíos eachtrach |
(€4,000) |
| Cáin Éireannach dlite ar ioncam ó fhoinse in Éirinn |
€36,000 |
| móide cáin Éireannach dlite ar ioncam ó chíos eachtrach |
€500 |
| Iomlán na cánach Éireannaí atá dlite |
€36,500 |