Ioncam ó chíos eachtrach

Cén chaoi le hioncam incháinithe ó chíos eachtrach a ríomhadh

Is éard atá i d’ioncam incháinithe ó chíos eachtrach ná an cíos eachtrach a bhfuil súil agat a fháil fiú má tá an figiúr seo éagsúil ón gcíos eachtrach a fhaigheann tú go hiarbhír. Baintear do chuid costas incheadaithe agus do chuid asbhaintí ó d’ioncam incháinithe ó chíos eachtrach, agus is é sin an méid glan.

Má ghearrtar cáin ort ar bhonn íocaíochta, tá ort cáin a íoc ar an méid iomlán, gan costais ná asbhaintí a éileamh.

Féadfaidh sé go ndéanann tú caillteanas ó do mhaoin eachtrach a ligean ar cíos. Má dhéanann, féadfaidh tú an caillteanas sin a fhritháireamh in aghaidh brabúis ó mhaoine cíos eachtracha eile ar leat iad. Ní fhéadtar caillteanas ó mhaoine cíosa eachtracha a fhritháireamh in aghaidh brabúis ó chíos Éireannach.

Ríomhtar an Cháin Ioncaim ar an méid glan cíosa eachtraigh ar thuairisceán cánach d’ Fhoirm 11 nó d’ Fhoirm 12.

Féadfaidh sé go bhfuil ioncam eile agat le linn na bliana, amhail fostaíocht Íoc Mar a Thuillir (ÍMAT) , pinsean nó ioncam eile neamh-ÍMAT. Má fhaigheann, féadfaidh tú an cháin dhlite ar d’ioncam ó chíos eachtrach a íoc ach do chreidmheasanna cánach a laghdú.

Chun é seo a dhéanamh, ní mór d’ioncam comhlán neamh-ÍMAT ó 2015 a bheith níos lú ná €30,000 agus d’ioncam glan neamh-ÍMAT a bheith níos lú ná €5,000. Le haghaidh na mblianta roimhe sin, ní mór d’ioncam comhlán neamh-ÍMAT a bheith níos lú ná €50,000 agus d’ioncam glan neamh-ÍMAT a bheith níos lú ná €3,174.

Ar aghaidh: Ioncam ó chíos eachtrach agus cánachas dúbailte