Ioncam ó chíos in Éirinn

Brabúis agus caillteanais chíosa

Má tá d’ioncam cíosa níos mó ná do chostais chíosa, brabús cíosa atá i gceist. Ríomhtar do bhrabús cíosa ar bhonn bliantúil.

Má tá do chostais chíosa níos mó ná do d’ioncam cíosa, caillteanas cíosa atá i gceist.

Íoctar cáin ar do ghlan-ioncam cíosa. Is é seo an t-ioncam iomlán comhlán ó chíos lúide iomlán do chuid costas cíosa agus íoctar an cháin ag do ráta is airde cánach.

Céard a tharlaíonn má tá caillteanas i gceist?

Féadfaidh sé go bhfuil caillteanas i gceist le d’ioncam cíosa. Más ea, féadfaidh tú do chaillteanais chíosa a thabhairt ar aghaidh go dtí go bhféadfaidh tú iad a fhritháireamh in aghaidh brabús cíosa. Ní fhéadtar ach an caillteanas a fhritháireamh in aghaidh ioncam cíosa Éireannaigh. Ní mór duit liúntais chaipitiúla a úsáid ar dtús sula ndéanann tú fritháireamh ar na caillteanais chíosa a thug tú ar aghaidh ó bhliain roimhe.

Féach Part 04-08-08 den treoirleabhar le haghaidh tuilleadh eolais ar liúntais chaipitiúla a fhritháireamh.

Ní fhéadtar caillteanais chíosa de chuid do chéile nó do pháirtnéara shibhialta a fhritháireamh in aghaidh do bhrabús cíosa féin. Ní fhéadtar, ach an oiread, caillteanais ó ligean neamheacnamaíoch a fhritháireamh in aghaidh brabúis eile chíosa. Is éard is ligean neamheacnamaíoch ann ná ligean nach bhfuil sé indéanta brabús a dhéanamh ón gcíos a fhaightear uaidh.

Ní fhéadtar caillteanais chíosa a fhritháireamh in aghaidh aon ioncaim eile ná iad a thabhairt siar chuig bliain roimhe.

Ní fhéadtar, ach an oiread, caillteanais cíosa eachtraigh a fhritháireamh in aghaidh brabús cíosa Éireannaigh. Ní fhéadtar iad a fhritháireamh ach amháin in aghaidh ioncam ó cíosa eachtrach.

Féadfaidh tiarnaí talún a n-ioncam incháinithe a leasú má chruthaíonn siad an méid seo a leanas:

  • ní raibh siad in ann an chíos dlite a aisghabháil
  • tharscaoil siad cíos a bhí dlite de bharr cruatain.

Maoine iomadúla cíosa

Féadfaidh sé go bhfaigheann tú ioncam cíosa ó roinnt maoin ar leat iad.Má fhaigheann, ní mór duit brabús nó caillteanas ar leithligh a ríomh le haghaidh gach maoine ar cíos.

Ar dtús, déantar na costais incheadaithe a asbhaint ó na cíosanna aonair a fhaightear, agus as sin a thagann an brabús nó caillteanas. Ansin suimítear brabúis nó caillteanais gach maoine le chéile le do ghlan-ioncam bliantúil cíosa a fháil.

Ar aghaidh: Scéimeanna dreasachta cánach d'ioncam cíosa