Ioncam ó chíos in Éirinn

Céard iad na costais nach gceadaítear?

Ní fhéadtar na costais seo a leanas a asbhaint nuair atá do bhrabús nó caillteanas cíosa á ríomh:

  • costais roimh-ligin, seachas táillí maoine sular lig tú an mhaoin amach ar cíos den chéad uair. Féadfaidh sé go mbeidh costais roimh-ligin inasbhainte ar mhaoin chónaithe gan áitiú.
  • costais iar-ligin
  • costais chaipitil ar fheabhsuithe maoine ach amháin má cheadaítear iad faoi scéim dreasachta
  • costais ar áitribh a ligtear amach ar cíos ar bhonn neamheacnamaíoch, nuair nach bhfuil se indéanta brabús a dhéanamh ón gcíos a fhaightear
  • costais san idirlinn idir an mhaoin a ligean amach ar cíos i gcúinsí áirithe
  • ús ón am a cheannaíonn tú an mhaoin suas go dtí an t-am a ligtear amach ar cíos í den chéad uair
  • Cáin Maoine Áitiúil (CMÁ)
  • aon chostas le haghaidh do shaothair féin nuair atá deisiúcháin á ndéanamh don mhaoin.

Ar aghaidh: Cén chaoi a ríomhtar d'ioncam incháinithe