Ioncam ó chíos in Éirinn

Cén chaoi a ndearbhaítear d'ioncam ó chíos?

Do dhaoine aonair, ní mór d’ioncam ó chíos a dhearbhú ar do thuairisceán cánach bliantúil. Más lú do ghlan-ioncam ó chíos ná €5,000, bain úsáid as moChúrsaí chun é a dhearbhú trí do Thuairisceán Cánach Ioncaim. Féadtar é seo a dhéanamh ach na céimeanna seo a leanúint.

2021 agus blianta dá éis:

  1. Sínigh isteach ar moChúrsaí
  2. Cliceáil ar an nasc 'Déan athbhreithniú ar do cháin’ do na 4 bliana roimhe sin' faoi 'Seirbhísí ÍMAT'.
  3. Iarr ‘Ráiteas Dliteanais’.
  4. Cliceáil ar ‘Comhlánaigh Tuairisceán Cánach Ioncaim’.
  5. Ar an leathanach ‘Ioncam neamh-ÍMAT’, roghnaigh ‘Ioncam eile’ agus cuir ‘Ioncam ó Chíos’ leis.
  6. Comhlánaigh an fhoirm agus tíolaic í.

Más mó do ghlan-ioncam ó chíos ná €5,000, beidh ort clárú le haghaidh Féinmheasúnú. Bain úsáid as Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) chun d’ioncam ó chíos a dhearbhú ar d’Fhoirm 11. Tá tuilleadh eolais i leith Tuairisceán Cánach Ioncaim (Foirm 11) a chomhlánú le fáil ar Cabhair le tuairisceán a thíolacadh i leith ioncam cíosa.

Ní mór do chuideachtaí ioncam a dhearbhú ar Thuairisceán Cánach Corparáide (Foirm CT1).

Ní mór d'eastáit agus d'iontaobhais Foirm 1 a chomhlánú chun a n-ioncam cíosa a dhearbhú.

Má tá ioncam ó chíos agat i leith maoin atá taobh amuigh d’Éirinn, féach an rannán ar Ioncam ó chíos eachtrach le haghaidh tuilleadh eolais.

Má dhíolann tú ceann de do mhaoine cíosa, féadfaidh sé go mbeidh ort Cáin Gnóthachan Caipitiúil (CGC) a íoc.

Tiarnaí talún neamhchónaitheacha

Más tiarna talún neamhchónaitheach thú, tá tú i dteideal creidmheas a éileamh don cháin a asbhaineann do thionónta. Roimh an 1 Iúil 2023, bhí ort Foirm R185 a thíolacadh le do thuairisceán cánach chun é seo a éileamh. Ón 1 Iúil 2023, tá nós imeachta nua i bhfeidhm. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach Cáin Shiarchoinneálach ar Thiarnaí Talún Neamhchónaitheacha (NLWT).

Féadfaidh tú roghnú seirbhísí gníomhaire bailiúcháin a úsáid. Roimh an 1 Iúil 2023, thíolacfadh gníomhaire bailiúcháin Tuairisceán Cánach Ioncaim ar do shon. Ón 1 Iúil 2023, níl dualgas ar ghníomhaire bailiúcháin tuairisceán a thíolacadh ar do shon a thuilleadh. Seachas sin, féadfaidh siad cáin a asbhaint agus a íoc ag baint úsáid as an gcóras nua NLWT. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach Cáin Shiarchoinneálach ar Thiarnaí Talún Neamhchónaitheacha (NLWT).

An Faoiseamh i leith Seomra a Ligean ar Cíos

Má ligeann tú seomra (nó seomraí) amach ar cíos san aon áit chónaithe s’agat (nó i do phríomháit chónaithe) mar chóiríocht chónaitheach, féadfaidh sé go bhfuil tú incháilithe le haghaidh an Fhaoisimh i leith Seomra a Ligean ar Cíos.

Faoiseamh ar Ioncam Cíosa ó Áitribh Chónaithe (FICÁC)

Tá faoiseamh ar fáil do thiarnaí talún aonair a ligean áitribh chónaithe ar cíos. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach an Faoiseamh ar Ioncam Cíosa d'Áitribh Chónaithe (FICÁC).

Conas ioncam cíosa Airbnb a dhearbhú

Ní mór ioncam a fhaightear ó Airbnb a dhearbhú tríd an gcóras ar líne agus titfidh sé faoi cheann de na catagóirí seo a leanas:

  • Má tá an brabús glan faoi bhun €5000, féadtar é a chur san áireamh ar d'Fhoirm 12 faoi Ioncam Neamh-ÍMAT > Ioncam Eile > Brabús Trádála.
  • Má tá an brabús glan os cionn €5000, ní mór duit clárú le haghaidh Cáin Ioncaim, agus Foirm 11 a thíolacadh.

Is iad seo a leanas na cineálacha asbhaintí a cheadaítear i gcoinne ioncam Airbnb:

  • táillí coimisiúin a íoctar le suíomhanna áirithintí lóistín ar líne
  • táillí glantacháin
  • costas an bhricfeasta a sholáthraítear d'aíonna
  • leithdháileadh réasúnta an leictreachais, gás, téamh agus mar sin de, a úsáideann na haíonna.

Ní cheadaítear Liúntais Chaipitiúla ná costais réamhthrádála.