Faoiseamh ar Ioncam Cíosa ó Áitribh Chónaithe (FICÁC)

Léargas ginearálta

Tá faoiseamh nua ar fáil do thiarnaí talún aonair d’áitribh chónaithe ar cíos. Tugtar an Faoiseamh ar Ioncam Cíosa ó Áitribh Chónaithe (FICÁC) ar an bhfaoiseamh.

Seo a leanas uasmhéid an fhaoisimh le haghaidh gach bliain:

  • €600 in 2024
  • €800 in 2025
  • agus
  • €1,000 in 2026 agus 2027.

Baineann an faoiseamh le Cáin Ioncaim amháin. Ní laghdóidh sé do dhliteanas i leith an Mhuirir Shóisialaigh Uilíoch (MSU) ná Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC).

Socraítear uasteorainn an fhaoisimh chuig do dhliteanas cánach i leith ioncam cíosa ó áitribh chónaithe.

Tabhair do d’aire

Níl an faoiseamh in-aisíoctha. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach an leathanach 'Cé mhéad faoisimh a fhéadtar a éileamh?'.

Ar aghaidh: Cé a fhéadann an faoiseamh a éileamh?