Faoiseamh ar Ioncam Cíosa ó Áitribh Chónaithe (FICÁC)

Cé mhéad faoisimh a fhéadtar a éileamh?

Braitheann an tsuim atá ar fáil ar an mbliain mheasúnachta a bhfuil an faoiseamh á éileamh agat ina leith.

Tá méid an fhaoisimh incheadaithe do gach bliain teoranta don mhéid is lú díobh seo a leanas:

  • €600 in 2024
  • €800 in 2025
  • €1,000 in 2026 agus 2027
  • 20% de bhrabús Chás V (ioncam cíosa) an tiarna talún ó áitreabh cónaithe ar cíos (lúide liúntais chaipitiúla agus caillteanais Chás V tugtha ar aghaidh) don bhliain.

Má tá níos mó ná áitreabh cónaithe amháin ar cíos agat, ní fhéadtar faoiseamh cánach aonair a éileamh ach amháin le haghaidh gach bliain.

Ar aghaidh: An chaoi leis an bhfaoiseamh a éileamh