Faoiseamh ar Ioncam Cíosa ó Áitribh Chónaithe (FICÁC)

Cé a fhéadann an faoiseamh a éileamh?

Tá an faoiseamh ar fáil do thiarnaí talún aonair d’áitribh chónaithe a ligtear ar cíos. Níl sé ar fáil do chuideachtaí, d'iontaobhais ná d'eastáit.

Má tá scair agat in áitreabh cónaithe a ligtear ar cíos, tá tú incháilithe freisin chun an faoiseamh a éileamh. Má tá scair agat in áitreabh cáilitheach, déanfar an faoiseamh a chionroinnt bunaithe ar an gcéatadán cíosa a bhfuil tú i dteideal a fháil.

Má tá úinéireacht 100% d'áitreabh cáilitheach eile agat freisin, beidh an faoiseamh ar fáil duit bunaithe ar an áitreabh sin agus ní bheidh sé srianta.

Ní mór duit na coinníollacha cáilitheacha uile a chomhlíonadh sula n-éilíonn tú an faoiseamh.

Ar aghaidh: Coinníollacha cáilitheacha chun an faoiseamh a éileamh