Faoiseamh ar Ioncam Cíosa ó Áitribh Chónaithe (FICÁC)

Aisghlámadh an fhaoisimh

Déanfar an faoiseamh a aisghlámadh sna cúinsí seo a leanas:

  • Sa chás go ndiúscraítear an t-áitreabh laistigh de 4 bliana ón gcéad bhliain ina n-éilítear faoiseamh. Má athraítear úinéireacht an áitribh, is diúscairt é sin freisin chun críche an fhaoisimh seo.
  • Sa chás nach bhfuil an t-áitreabh á ligean ar cíos le tionónta agus nach bhfuil sé á mhargú go gníomhach le haghaidh cíosa.
  • Sa chás go bhfuil athrú tagtha ar úsáid an áitribh, mar shampla, an t-áitreabh a ligean ar cíos mar theach saoire.
  • Sa chás go bhfuil an t-áitreabh ligthe le duine bainteach.
  • Sa chás nach gcomhlíontar riachtanais na Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ) do gach maoin cháilitheach.
  • Sa chás nach bhfuil Deimhniú Imréitigh Cánach bailí ag an tiarna talún ar an 31 Nollaig den bhliain sin.