Faoiseamh ar Ioncam Cíosa ó Áitribh Chónaithe (FICÁC)

Coinníollacha cáilitheacha chun an faoiseamh a éileamh

Chun an faoiseamh a éileamh, ar an 31 Nollaig sa bhliain a bhfuil faoiseamh á éileamh ina leith, ní mór duit:

  • a bheith i d’úinéir ar an áitribh chónaithe incháilithe
  • deimhniú imréitigh cánach bailí a bheith agat
  • agus
  • a bheith comhlíontach maidir le Cáin Mhaoine Áitiúil (CMÁ).

 Ní mór don áitreabh cáilitheach, ar an dáta sin, a bheith:

  • ar cíos faoi thionóntacht atá cláraithe leis an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe (BTC)
  • á ligean ar cíos le tionónta agus a bheith ina áitreabh rialaithe cíosa roimhe seo nach raibh air a bheith cláraithe leis an BTC
  • á ligean ar cíos le húdarás áitiúil
  • á mhargú go gníomhach lena ligean ar cíos.

Tabhair do d’aire

Ní fhéadtar an faoiseamh a éileamh má tá aon cheann de na háitribh cháilitheacha ar cíos le duine bainteach amhail duine muinteartha nó gaol.

Ar aghaidh: Cé mhéad faoisimh a fhéadtar a éileamh?