Tiarnaí talún neamhchónaitheacha
Dualgais chánach atá ag tiarnaí talún neamhchónaitheacha
Más tiarna talún neamhchónaitheach thú, tá dhá rogha agat chun cáin a íoc ar d'ioncam ó chíos Éireannach. Féadtar:
- Seirbhísí gníomhaire bailiúcháin a fhostú (féach ar an gcéad leathanach eile).
- Iarraidh ar do thionónta 20% den chíos dlite a choinneáil siar agus é a thíolacadh chuig na Coimisinéirí Ioncaim.
Oibleagáidí roimh an 30 Meitheamh 2023
D'fhéadfadh sé go mbeadh ort Tuairisceán Cánach Ioncaim Éireannach a thíolacadh má tá ioncam eile (neamh-chíos) agat sa Stát. Níl aon dualgais tíolactha eile Cánach Ioncaim ort más rud é:
- nach bhfuil aon ioncam eile agat sa Stát
- agus
- go bhfuil gníomhaire bailiúcháin ag gníomhú thar do cheann chun tuairisceán a thíolacadh i leith d’ioncaim chíosa.
Tabhair do d'aire
Ní mór do ghníomhaire bailiúcháin atá ag tiarna talún corparáideach neamhchónaitheach clárú le haghaidh Cáin Chorparáide (CC).
Oibleagáidí ón 1 Iúil 2023
Tá dualgas anois ar thiarnaí talún neamhchónaitheacha tuairsceán cánach bliantúil a thíolacadh sa chás go bpléann siad leis an gcóras Cánach Shiarchoinneálach ar Thiarnaí Talún Neamhchónaitheacha (NLWT). Is é sin, Tuairisceán Cánach Ioncaim nó Tuairsceán Cánach Corparáide (CT1), de réir mar is cuí.
Más tiarna talún neamhchónaitheach thú atá ag plé le seirbhís gníomhaire bailiúcháin, féach ar an gcéad leathanach eile.
Ní mór sonraí d'ioncaim go léir a bheith i do thuairisceán, ní hamháin d'ioncam cíosa.
Faoin gcóras nua NLWT, beidh sonraí na gcreidmheasanna ar fáil do gach asbhaint a choinnítear siar. Tá sé tábhachtach go bhfuil tú cláraithe le haghaidh Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí Cánach Ioncaim (UPSP) nó Uimhir Chlárúcháin Cánach Corparáide (TRN), de réir mar is cuí.
Tá tiarna talún neamhchónaitheach i dteideal faoiseamh a éileamh i leith costais a cheadaítear chun an brabús cíosa a bhaint amach. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach Cé na costais a cheadaítear?
Féadfaidh sé go bhfuil tiarna talún neamhchónaitheach i dteideal cion de liúntais phearsanta freisin. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach Tax and Duty Manual Part 45-01-01.
Ar aghaidh: Gníomhaire bailiúcháin