Tiarnaí talún neamhchónaitheacha
Má choinníonn tionónta cáin siar
Sa chás nach bhfuil aon ghníomhaire bailithe ceaptha ag an tiarna talún neamhchónaitheach, ní mór do thionóntaí cáin 20% a choinneáil siar ón gcíos iomlán. Fanann an oibleagáid seo gan athrú leis an gcóras nua Cánach Shiarchoinneálach do Thiarnaí Talún Neamhchónaitheacha (NLWT). Mar sin féin, tá athrú tagtha ar nós imeachta an tionónta maidir le cuntas thabhairt maidir leis an gcáin 20%.
Tionóntaí ag íoc cíosa le tiarna talún neamhchónaitheach
Oibleagáidí roimh mhí an Mheithimh 2023
Mura bhfuil gníomhaire bailiúcháin agat, ní mór do do thionónta an cháin dhlite a choinneáil siar ón gcíos. Ní mór do do thionónta:
- 20% den chíos iomlán atá dlite a asbhaint agus Foirm R185 a chomhlánú.
- An íocaíocht agus cóip den Fhoirm R185 comhlánaithe a sheoladh chuig na Coimisinéirí Ioncaim.
- An 80% den chíos dhlite atá fágtha a íoc leat agus an leagan bunaidh den Fhoirm R185 comhlánaithe a sheoladh chugat.
- Cuntas a thabhairt ar an gcáin díreach tar éis a asbhaintear í. Féadann do thionónta é seo a dhéanamh ach:
- an cháin asbhainte a sheoladh chuig Rannóg an Ard-Bhailitheora de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim le linn na bliana
- an cháin a bhailiú le linn na bliana trína gcreidmheasanna cánch a choigeartú, más ioncam Íoc Mar a Thuillir (ÍMAT) an t-aon ioncam amháin atá acu
- nó
- an cháin asbhainte ón gcíos a sheoladh nuair atá a dTuairisceán Cánach Ioncaim á tíolacadh. Is gá do cháiníocóir ÍMAT amháin Tuairisceán Cánach Ioncaim Foirm 12 a thíolacadh. Iarrtar ar cháiníocóir féinfhostaithe (duine inmhuirir) Tuairisceán Cánach Ioncaim Foirm 12 a thíolacadh.
Má asbhaineann do thionónta an cháin ar íocaíocht na cíosa, ní chiallaíonn sé seo gur duine inmhuirir iad anois. Ní fhéadtar an cháin is gá a asbhaint agus a íoc a fhritháireamh in aghaidh dliteanas Cánach Ioncaim do thionónta.
Féadfaidh an tiarna talún an cháin iarchoimeádta a éileamh mar chreidmheas cánach ar a Thuairisceán Cánach Ioncaim. Féadtar é seo a dhéanamh má chomhlíontar gach dualgas, agus má asbhaineann an tionónta an cháin cheart agus í a chur ar aghaidh chuig na Coimisinéirí Ioncaim.
Ní úsáidtear Foirm R185 a thuilleadh chun creidmheas a éileamh i leith cánach a choinnítear siar ó chíos atá iníoctha le tiarna talún neamhchónaitheach. Níor chóir í a thíolacadh i leith cíosanna a íocadh tar éis an 30 Meitheamh 2023.
Oibleagáidí ón 1 Iúil 2023 - córas NLWT
Mura bhfuil gníomhaire bailiúcháin agat, ní mór do do thionónta an cháin dhlite a choinneáil siar ón gcíos. Ní mór do do thionónta:
- 20% den chíos iomlán atá dlite a asbhaint.
- An íocaíocht 20% a chur ar aghaidh chuig na Coimisinéirí Ioncaim trí Fhógra Cíosa (RN) a thíolacadh ar an gcóras NLWT. Is féidir le tionóntaí admháil PDF an RN a thabhairt don tiarna talún neamhchónaitheach mar thaifead ar an gcáin asbhainte.
- An 80% eile den chíos atá dlite a íoc leis an tiarna talún neamhchónaitheach.
- Faisnéis áirithe a sholáthar maidir leis an tiarna talún neamhchónaitheach, mar shampla an mhaoin ar cíos.
Le haghaidh tuilleadh eolais, féach an Tax and Duty Manual Part 45-01-04a, "Cáin Shiarchoinneálach ar Thiarnaí Talún Neamhchónaitheacha".
Maidir le tionóntaí a íocann go díreach le tiarna talún neamhchónaitheach tar éis an 1 Iúil 2023:
- ní ainmneofar iad mar dhuine inmhuirir,
- ní bheidh siad freagrach as cuntas a thabhairt ar an bhfigiúr iarchoimeádta 20% ar a dtuairisceán cánach pearsanta,
- ní bheidh cead acu a gcreidmheasanna cánach a choigeartú chun an cháin iarchoimeádta 20% atá dlite a íoc
- agus
- coinneoidh siad siar agus cuirfidh siad ar aghaidh 20% den íocaíocht chíosa, agus soláthróidh siad RN tríd an gcóras NLWT ar moChúrsaí.
Ar aghaidh: Údaráis áitiúla agus údaráis tithíochta