Tiarnaí talún neamhchónaitheacha

Údaráis áitiúla agus údaráis tithíochta

Féadann údaráis áitiúla nó údaráis tithíochta cíos a íoc go díreach le tiarnaí talún neamhchónaitheacha. Ní mór dóibh cáin a asbhaint ón gcíos a íocadh ag an ráta caighdeánach Cánach Ioncaim (20%) agus an cháin sin a thíolacadh chuig na Coimisinéirí Ioncaim.

Go dtí an 30 Meitheamh 2023, chomhlánaigh na húdaráis áitiúla Foirm R185 agus thíolacadar í chuig na Coimisinéirí Ioncaim in éineacht leis an gcáin. Ní úsáideann údaráis áitiúla Foirm R185 a thuilleadh chun an cháin a choinneáil siar ná í a thíolaic chuig na Coimisinéirí Ioncaim. Cuireann na húdaráis áitiúla, nó na húdaráis tithíochta, an 20% ar aghaidh anois tríd an gcóras Cánach Shiarchoinneálach do Thiarnaí Talún Neamhchónaitheacha (NLWT).