Tiarnaí talún neamhchónaitheacha

Gníomhaire bailiúcháin

Féadann gníomhaire bailiúcháin bheith mar aon cheann díobh seo a leanas:

  • gníomhaire eastáit
  • cuideachta bainistíochta
  • dlíodóir
  • duine ainmnithe agat chun gníomhú ar do shon.

Oibleagáidí roimh mhí an Mheithimh 2023

Má fhostaíonn tiarna talún neamhchónaitheach seirbhísí gníomhaire bailiúcháin, ní mór go mbeadh an méid seo a leanas i gceist don ghníomhaire bailiúcháin:

  • ní mór a bheith cónaitheach sa stát
  • ní mór clárú leis na Coimisinéirí Iocnaim mar ‘Gníomhaire bailiúcháin’ trí  Fhoirm Clárúcháin Gníomhaire Bailiúcháin a chomhlánú
  • ní mór taifead a bheith acu leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi Uimhir Thagartha Cánach (UTC) nua agus ar leith do gach tiarna talún
  • ní mór nach ndéanfaí cáin a asbhaint ó íocaíochtaí cíosa leis an tiarna talún toisc nach bhfuileadar i dteideal sin a dhéanamh (níor chóir Foirm R185 a eisiúint)
  • is féidir leo cuid de na cíosanna a choinneáil chun an cháin iníoctha a shásamh
  • ba chóir dóibh an tuairisceán cánach a thíolacadh agus an chuid den chíos a coinníodh siar a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim
  • agus
  • beidh sé nó sí inmhuirir agus inmheasúnaithe i leith ioncam uile an tiarna talún neamhchónaitheach atá faoi dhliteanas cánach sa Stát.

Féadfaidh sé go bhfuil tiarna talún neamhchónaitheach i dteideal cion de chreidmheasanna, faoisimh nó asbhaintí pearsanta. D'fhéadfadh sé go mbeadh feidhm leis seo fiú nuair a bhíonn an t-ioncam inmhuirir agus inmheasúnaithe in ainm an ghníomhaire bailiúcháin.

Más gníomhaire bailiúcháin thú do thiarna talún corparáideach neamhchónaitheach in Éirinn, ní mór duit clárú le haghaidh Cáin Chorparáide (CC).

Oibleagáidí ón 1 Iúil 2023

Tugtar isteach leis an Acht Airgeadais 2022 athruithe ar oibleagáidí gníomhairí bailiúcháin ag feidhmiú thar ceann tiarnaí talún neamhchónaitheacha. Foráiltear leis na leasuithe go bhféadfaidh gníomhairí bailiúcháin a ghníomhaíonn thar ceann tiarna talún neamhchónaitheach:

  • a bheith saortha ón oibleagáid a bheith inmheasúnaithe agus inmhuirir i leith cánach d'Ioncam an tiarna talún neamhchónaitheach
  • Cáin Iarchoimeádta 20% a asbhaint ó íocaíochtaí cíosa le tiarnaí talún neamhchónaitheacha
  • an cháin sin a chur ar aghaidh chuig na Coimisinéirí Ioncaim ag baint úsáide as an gcóras NLWT
  • agus
  • faisnéis a chur ar fáil faoi na tiarnaí talún neamhchónaitheacha, an mhaoin, an íocaíocht agus an cháin a asbhaintear do na Coimisinéirí Ioncaim srl.

Le haghaidh tuilleadh eolais maidir le "Cánachas ar thiarnaí talún neamhchónaitheacha", féach an Tax and Duty Manual Part 45-01-04.

Sa chás go ndéanann an gníomhaire bailiúcháin an cháin a asbhaint agus a chur ar aghaidh chuig na Coimisinéirí Ioncaim, is amhlaidh an méid seo a leanas:

  • ní bheidh siad ainmnithe inmhuirir a thuilleadh
  • ní bheidh siad freagrach as Tuairisceán Cánach Ioncaim (Foirm 11) nó Tuairisceán Cánach Corparáide (CT1) a thíolacadh don ioncam
  • coinneoidh siad siar agus seolfaidh siad ar aghaidh 20% den íocaíocht chíosa ar aghaidh
  • déanfaidh siad Fógra Cíosa (RN) tríd an gcóras NLWT i moChúrsaí agus trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) 
  • agus
  • beidh siad in ann RNanna a eisiúint i mbulc. 

Sa chás go gcoinníonn gníomhaire bailiúcháin cáin de 20% siar agus go gcuireann sé ar aghaidh chuig na Coimisinéirí Ioncaim í, ba chóir don tiarna talún neamhchónaitheach an méid seo a leanas a thabhairt faoi deara:

  • go bhfuil deireadh le cur leis na maoluithe uile atá ann faoi láthair (Alt 4.1 sa Tax and Duty Manual Part 38-01-04H “Tuairisceán Cánach Ioncaim 2023”)
  • an nasc le creidmheasanna ó íocaíochtaí coinnithe siar sa chóras NLWT
  • agus
  • go mbeidh an tiarna talún neamhchónaitheach freagrach as Tuairisceán Cánach Ioncaim (Foirm 11) nó Foirm Tuairisceáin Cánach Corparáide (CT1) a thíolacadh.

Ar aghaidh: Má choinníonn tionónta cáin siar