Tiarnaí talún neamhchónaitheacha
Léargas ginearálta
Is éard is tiarna talún neamhchónaitheach ann ná duine nach bhfuil cónaitheach sa Stát, ach a ligeann maoin ar cíos sa Stát.
Féadtar cáin a ghearradh ar ioncam ó mhaoin a ligean ar cíos nó ar ioncam ó fhoinse eile a cháilíonn mar ioncam cíosa. Ní mór an t-ioncam seo a dhearbhú do na Coimisinéirí Ioncaim.
Cuirtear eolas ar fáil sa rannán seo do na daoine seo a leanas:
- tiarnaí talún neamhchónaitheacha
- gníomhairí bailiúcháin
- tionóntaí de chuid tiarnaí talún neamhchónaitheacha
- údaráis áitiúla agus údaráis tithíochta.
An Córas Cánach Shiarchoinneálach ar Thiarnaí Talún Neamhchónaitheacha (NLWT)
Tugtar isteach leis an Acht Airgeadais 2022 athruithe ar oibleagáidí tionóntaí agus gníomhairí bailiúcháin ag feidhmíonn thar ceann tiarnaí talún neamhchónaitheacha. Tháinig na hathruithe seo i bhfeidhm ar an 1 Iúil 2023.
Tugadh isteach córas nua ar a dtugtar an Cháin Shiarchoinneálach ar Thiarnaí Talún Neamhchónaitheacha (NLWT). Cuireann an córas NLWT ar chumas tionóntaí nó gníomhairí bailiúcháin Fógraí Cíosa (RNanna) a dhéanamh agus íocaíochtaí cíosa á ndéanamh acu le tiarna talún neamhchónaitheach. Ní mór an fógra seo (agus íocaíocht 20% de Cháin Shiarchoinneálach) a thíolacadh chuig na Coiminsinéirí Ioncaim laistigh de 21 lá tar éis cíos a íoc leis an tiarna talún neamhchónaitheach.
Tá an córas ar fáil don ghníomhaire cánach, don ghníomhaire bailiúcháin, don tiarna talún agus don tionónta. Beidh tiarnaí talún neamhchónaitheacha in ann na creidmheasanna coinnithe siar a éileamh ar a dTuairisceán Cánach Ioncaim bliantúil (Foirm 11) nó ar a dtuairisceán Cáin Chorparáide (CT1).
Le haghaidh tuilleadh eolais, féach Cáin Shiarchoinneálach ar Thiarnaí Talún Neamhchónaitheacha (NLWT).
Ar aghaidh: Dualgais chánach atá ag tiarnaí talún neamhchónaitheacha