Ioncam ó chíos eachtrach

Cé na costais agus na hasbhaintí nach gceadaítear?

Ní fhéadtar an méid seo a leanas a éileamh:

  • costais roimh-ligin
  • costais iar-ligin
  • caiteachas caipitiúil
  • costas do chuid saothair féin má dhéanann tú deisiúcháin don mhaoin.

Ní fhéadtar costais a éileamh ach le haghaidh thréimhse an léasa. Tá eisceachtaí uaidh seo ann, is é sin costais amhail táillí ligin, táillí fógraíochta agus táillí dlíthiúla roimh an gcéad ligean.

Ní fhéadtar costais ná asbhaintí a éileamh le haghaidh tréimhse ar bith a d’fhan tú féin nó daoine eile sa mhaoin saor ó chíos. Ní mór duit na costais agus na hasbaintí a roinnt idir an tréimhse ama sin agus an tréimhse a ligeadh amach ar cíos e.

Cén fáth nach gceadaítear costais roimh-ligin?

Ní fhéadtar costais a éileamh ach le haghaidh thréimhse an léasa. Ní fhéadtar íocaíochtaí úis a éileamh san idirlinn idir an tráth a cheannaigh tú an mhaoin agus an tráth a ligeann tú an mhaoin amach ar cíos.

Ceadaítear costais, lena n-áirítear íocaíochtaí úis idir ligin, ar an gcoinníoll nach mbíonn cónaí ort sa mhaoin ag an am sin agus mura ligean tú amach ar cíos é ina dhiaidh sin.

An bhféadtar costais taistil a éileamh, amhail ticéid aerlíne agus fruiliú cairr?

Ní fhéadtar éileamh a dhéanamh ach amháin i leith an chostais chun taisteal go dtí do mhaoin más rud é go ndéantar an turas go hiomlán agus go heisiach chun críocha ioncam a thuilleamh ó chíos ar an maoin.  

Ní fhéadtar éileamh a dhéanamh i leith costais taistil phríobháideacha sa chás go mbaineann tusa nó do chlann úsáid as an deis chun sos gairid nó saoire a thógáil nó chun féachaint ar mhaoin nach leat é agus nach bhfuil á ligean ar cíos agat.

Ar aghaidh: Cén chaoi le hioncam incháinithe ó chíos eachtrach a ríomhadh