Ioncam ó chíos eachtrach

Céard iad na costais agus na hasbhaintí a cheadaítear?

Féadtar costais agus asbhaintí a éileamh a cheadaítear faoi dhlí cánach na hÉireann agus a bhaineann go hiomlán le hioncam ó chíos a thuilleamh.

Áirítear leo seo costais a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

  • an mhaoin a bhainistiú
  • árachas
  • deisiúcháin
  • rátaí údaráis áitiúla
  • ús ar iasachtaí a úsáidtear chun an mhaoin a cheannach
  • an mhaoin a fheistiú agus a fhearastú.

Liúntais chaipitiúla

Féadtar liúntais chaipitiúla a éileamh ar do mhaoin cíosa eachtraigh a fheistiú agus a fhearastú. Ní mór gur leatsa na daingneáin agus an troscán agus iad a bheith in úsáid ag deireadh gach bliana a ndéanann tú éileamh ina leith. Féadtar na liúntais seo a éileamh thar ocht mbliana ag 12.5% in aghaidh na bliana.

Féadtar do dhaingneáin agus d'fheistis a dhíol le linn na bliana. Féadfaidh sé go bhfuil liúntas breise dlite duit má tá fáltais an díola níos lú ná an luach dímheasta. Tugtar liúntas comhardaithe air seo.

Féadfaidh d’fháltais díola a bheith níos mó ná luach dímheasta na ndaingneán agus na bhfeisteas seo. Má tá, féadfaidh aisghlámadh a dhéanamh ar liúntais atá faighte agat cheana féin. Tugtar muirear cothromaíochta air seo.

Féach an sampla thíos:

Faoiseamh i leith ús ar mhorgáiste

Féadtar faoiseamh i leith ús ar mhorgáiste a éileamh in aghaidh d’ioncaim ó chíos. Ní mór an t-ús a bheith ó mhorgáiste a úsáidtear go díreach chun do mhaoin chíosa a cheannach, a fheabhsú nó a dheisiú. 

An bhféadtar faoiseamh a éileamh i leith úis ón tráth a thógann tú an iasacht amach?

Ní fhéadtar ach éileamh a dhéanamh i leith úis a íoctar le linn an ama a bhí an mhaoin á ligean amach. Ciallaíonn sé seo nach bhféadtar éileamh a dhéanamh i leith úis a íocadh:

  • idir an tráth a cheannaigh tú an mhaoin agus an tráth a lig tú amach é den chéad uair
  • idir na ligin ina raibh tusa nó daoine eile ag fanacht sa mhaoin saor ó chíos.

Ar aghaidh: Cé na costais agus na hasbhaintí nach gceadaítear?