An Faoiseamh Cánach i leith Ús Morgáiste (Faoiseamh Cánach ag an bhFoinse – FCF)

Léargas ginearálta

Tabhair do d’aire

Fógraíodh Creidmheas Cánach i leith Ús ar Mhorgáiste sealadach nua i mBuiséad 2024. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach an Creidmheas Cánach i leith Ús ar Mhorgáiste.

Is éard atá san Fhaoiseamh i leith Ús ar Mhorgáiste ná faoiseamh cánach ar úis a íocann tú in aon bhliain chánach i leith iasacht morgáiste cháilitheach.

Féadtar Faoiseamh i leith Ús ar Mhorgáiste a éileamh i leith ús a íocann tú ar iasacht a úsáidtear chun an áit chónaithe a cheannach, a dheisiú, a fhorbairt nó a fheabhsú. Féadtar eileamh a dhéanamh ar an faoiseamh seo suas go dtí an 31 Nollaig 2020.

Ní mór an iasacht morgáiste cháilitheach a bheith tógtha amach agat idir an 1 Eanáir 2004 agus an 31 Nollaig 2012.

Ar aghaidh: Céard is iasacht morgáiste cháilitheach ann?