Creidmheas Cánach i leith Ús ar Mhorgáiste
Léargas ginearálta
Leis an Acht Airgeadais, 2023, tugadh isteach an Creidmheas Cánach i leith Ús ar Mhorgáiste. Is do cháiníocóirí an creidmheas cánach seo a rinne íocaíochtaí maidir le hiasacht cháilitheach a bhaineann le príomháit chónaithe phríobháideach. Bhí an Creidmheas Cánach i leith Ús ar Mhorgáiste ar fáil ar dtús don bhliain 2023 amháin.
Faoi Acht Airgeadais 2024, cuireadh síneadh leis chun an bhliain 2024 a chur san áireamh. Faoi Acht Airgeadais 2025, cuireadh síneadh eile leis chun na blianta 2025 agus 2026 a chur san áireamh.
An chaoi a n-oibríonn an creidmheas le haghaidh 2023 go 2025
Fanann luach an chreidmheasa, agus na critéir cháilaitheachta uile gan athrú do na héilimh le haghaidh 2023, 2024 agus 2025. Tá an creidmheas ar fáil maidir leis an méadú a tháinig ar an ús a íocadh in 2023, 2024 nó 2025 thar ús a íocadh in 2022. Tá an tsuim a cháilíonn do fhaoiseamh ag an ráta caighdeánach cánach (20% ) faoi réir uasteorainn de €6,250 in aghaidh na maoine. Is ionann sin agus creidmheas cánach uasta de €1,250.
An chaoi an n-oibríonn an creidmheas do 2026
Le haghaidh 2026, ríomhtar luach an chreidmheasa bunaithe ar 50% den mhéadú ar ús a íoctar in 2026 thar ús a íocadh in 2022. Tá an tsuim a cháilíonn do fhaoiseamh ag an ráta caighdeánach cánach (20% ) faoi réir uasteorainn de €3,125 in aghaidh na maoine. Is ionann sin agus creidmheas cánach uasta de €625. Fanann gach critéar cáilitheachta eile gan athrú.
Cé a fhéadann an creidmheas a éileamh
Tá an creidmheas ar fáil d'úinéirí tí a raibh iarmhéid morgáiste gan íoc idir €80,000 agus €500,000 acu amhail an 31 Nollaig 2022.
Ar aghaidh: Coinníollacha cáilitheacha