Creidmheas Cánach i leith Ús ar Mhorgáiste

Cén chaoi le héileamh a dhéanamh

Chun an Faoiseamh i leith Ús ar Mhorgáiste a éileamh, ní mór duit na doiciméid seo a leanas a thíolacadh:

  • Deimhniú Ús Morgáiste 2022
  • Deimhniú Ús Morgáiste 2023
  • agus
  • deimhniú iarmhéid iasachta cáilitheach amhail an 31 Nollaig 2022.

I gcás cáiníocóirí Íoc Mar a Thuillir (ÍMAT), féadtar na doiciméid a uaslódáil chuig an Rianaire Admhálacha. Féadtar teacht ar an Rianaire Admhálacha trí moChúrsaí faoi na cártaí 'Seirbhísí ÍMAT' agus 'Bainistigh Mo Thaifead'.

Féadfaidh daoine inmhuirir a thíolacann Foirm 11 na doiciméid a uaslódáil trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) leis an tseirbhís 'Doiciméid Tacaíochta a Uaslódáil'. Tá sé seo ar fáil trí ROS faoin rannán 'Seirbhísí Eile'.

An chaoi le héileamh a dhéanamh más cáiníocóir ÍMAT thú

Féadtar an creidmheas a éileamh don bhliain chánach 2023 trí do Thuairisceán Cánach Ioncaim a chomhlánú in moChúrsaí. Chun an creidmheas a éileamh agus do Thuairisceán Cánach Ioncaim a chomhlánú, lean na céimeanna seo a leanas:

  1. Sínigh isteach ar moChúrsaí
  2. Cliceáil ar an nasc ‘Déan athbhreithniú ar do Cháin 2020- 2023’ faoin rannán ‘Seirbhísí ÍMAT’.
  3. ‘Ráiteas Dliteanais’ i leith 2023 a iarraidh.
  4. Cliceáil ar ‘Comhlánaigh do Thuairisceán Cánach Ioncaim’
  5. Ar an leathanach ‘Creidmheasanna & Faoisimh Chánach’, roghnaigh ‘Tú féin agus do theaghlach’ agus cliceáil ar ‘Creidmheas Cánach i leith Ús ar Mhorgáiste’.
  6. Déan do bhealach tríd an bpróiseas éilimh
  7. Comhlánaigh agus tíolaic an Tuairisceán Cánach Ioncaim.

Chun treoir céim ar chéim a fháil ar an gcaoi leis an bpróiséas éilimh a chomhlánú, féach treoir ar an gCreidmheas Cánach i leith Ús ar Mhorgáiste.

An chaoi le héileamh a dhéanamh má tá tú faoin mbonn féinmheasúnaithe 

Féadtar an creidmheas a éileamh don bhliain chánach 2023 trí do Thuairisceán Cánach Ioncaim a chomhlánú trí (ROS). Chun an creidmheas a éileamh, comhlánaigh do Thuairisceán Cánach Ioncaim agus lean na céimeanna seo:

  1. Sínigh isteach ar ROS.
  2. Oscail an scáileán ‘Mo Sheirbhísí Féin’.
  3. Cliceáil ar ‘Tíolaic Tuairisceán’.
  4. Roghnaigh ‘Cáin Ioncaim ’ ón roghchlár anuas
  5. Roghnaigh an bhliain chánach ar mian leat tuairisceán a thíolacadh le haghaidh (roghnaigh 2023).
  6. Aimsigh an rannán ‘Creidmheas Cánach i leith Ús ar Mhorgáiste’ den tuairisceán cánach agus cuir isteach an fhaisnéis a iarrtar.