Creidmheas Cánach i leith Ús ar Mhorgáiste

Ús íoctha ar feadh níos lú ná bliain iomlán

Má d'íoc tú ús ar feadh níos lú ná bliain iomlán in 2022 nó na mblianta a bhfuil an faoiseamh á éileamh agat ina leith, beidh an creidmheas atá dlite ar bhonn pro rata.

Le haghaidh 2023 go 2025, déanfar an t-ús uasta faoisimh €6,250, agus an creidmheas cánach uasta €1,250, a choigeartú chun an fráma ama níos giorra a léiriú.

Ríomhfaidh córais na gCoimisinéirí Ioncaim an creidmheas atá dlite duit nuair a bheidh an fhaisnéis ábhartha curtha ar fáil agat.

Maidir leis na foirmlí a úsáidtear chun an t-ús faoisimh a choigeartú, féach Aguisín 2 in Tax and Duty Manual part 15-01-11B.

Ar aghaidh: Níos mó ná éilitheoir amháin