Creidmheas Cánach i leith Ús ar Mhorgáiste
Coinníollacha cáilitheacha
Féadtar cáiliú don Chreidmheas Cánach i leith Ús ar Mhorgáiste más rud é:
- go raibh iasacht cháilitheach agat sna blianta 2022 agus 2023 nó 2024 nó 2025 nó 2026
- gur mhéadaigh an t-ús ar an iasacht cháilitheach orthu ó 2022 go dtí an bhliain/ na blianta a bhfuil an t-éileamh a dhéanamh ina leith
- agus
- ar an 31 Nollaig 2022, go raibh iarmhéid iasachta amuigh de idir €80,000 agus €500,000 acu.
Maoine cáilitheacha
Ní fhéadtar iarratas a dhéanamh ar an gCreidmheas Cánach i leith Ús ar Mhorgáiste ach amháin sna cásanna seo a leanas:
- do phríomháit chónaithe phríobháideach a bhí sa maoin le haghaidh 2022 nó do na blianta a bhfuil an t-éileamh á dhéanamh
- príomháit chónaithe phríobháideach a bhí ann do ghaoil chleithiúnach
- nó
- áit chónaithe do chéile a bhí ann a úsáidíodh chun freastal ar a bhfostaíocht.
Ní fhéadtar an Creidmheas Cánach i leith Ús ar Mhorgáiste a éileamh mura maoin cháilitheach í an mhaoin.
Maoine nach gcáilíonn
Ní cháilíonn do mhaoin don chreidmheas más rud é:
- gur maoin chónaithe atá ann nach gcomhlíonann oibleagáidí na Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ).
- gur maoin chónaithe atá ann nach gcomhlíonann ceadanna pleanála
- nó
- gur maoin chónaithe atá i gceist a fuarthas ó pháirtí bainteach, agus gur sháraigh an praghas ceannaigh luach na maoine go mór.
Ar aghaidh: Cé mhéad a fhéadtar a éileamh?