Maoin eachtrach

Cánacha a íoctar ar mhaoin eachtrach

Féadfaidh sé go bhfuil ort cáin a íoc leis an údarás cánach sa tír a bhfuil do mhaoin eachtrach lonnaithe ann. Féadfaidh sé go bhfuil ort chomh maith táillí seirbhíse a íoc i leith na maoine.

Cáin mhaoine nó úinéireachta

Féadfaidh sé go bhfuil ort cáin mhaoine nó cáin úinéireachta a íoc leis an údarás cánach sa tír a bhfuil do mhaoin lonnaithe ann. Sampla de cháin den chineál seo is ea cáin bhliantúil atá bunaithe ar luach do mhaoine. Má chaithfidh tú cáin maoine eachtrach nó cáin úinéireachta eachtrach a íoc, ní fhéadtar creidmheas ná asbhaint a éileamh ina leith in aghaidh do chánacha Éireannacha.

Cáin ar ioncam ó chíos

Má ligeann tú do mhaoin eachtrach amach ar cíos, féadfaidh sé go ngearrtar d’ioncam ó chíos sa tír a bhfuil an mhaoin lonnaithe ann. Féadfaidh sé go bhfuil ort freisin cáin Éireannach a íoc ar an ioncam sin ó chíos. Féadfaidh sé go bhfuil tú in ann cuid den cháin eachtrach nó an cháin uile a asbhaint nuair atá tú ag déanamh ríomh ar an méid cánach Éireannach atá dlite agat.

Táille le haghaidh seirbhísí áitiúla

Féadfaidh sé go bhfuil ort chomh maith cáin a íoc chun seirbhísí áitiúla a fháil sa tír a bhfuil do mhaoin lonnaithe ann. Má ligeann tú do mhaoin amach ar cíos, féadtar an méid a íoctar as na seirbhísí seo a asbhaint mar chostas nuair atá tú ag déanamh ríomh ar d’ioncam ó chíos.

Féach an rannán Ioncam ó chíos eachtrach le haghaidh tuilleadh eolais.

Ar aghaidh: Ioncam cíosa ó mhaoin eachtrach