Do thuairisceán cánach bronntanais nó oidhreachta a chomhlánú (IT38)

Léirithe amhrais

Féadtar léiriú amhrais a thabhairt i do thuairisceán sna cásanna seo:

  • má tá amhras ort maidir le feidhmiú ceart na reachtaíochta ar Cháin Fáltas Caipitiúil (CFC)
  • agus
  • má thíolactar do thuairisceán in am.

Má chuireann tú léiriú amhrais in iúl i do thuairisceán, ba chóir duit litir, nó ríomhphost M’Fhiosruithe a chur ar aghaidh, ag baint úsáid as ROS nó moChúrsaí, chuig an Aonad Náisiúnta CFC. Ba chóir an méid seo a leanas a bheith i gceist le do litir:

  • ba chóir go n-aithneofaí go soiléir inti gur litir um ‘léiriú amhrais’ í
  • ba chóir na sonraí uile maidir le cúinsí an idirbhirt atá in amhras a bheith leagtha amach
  • ba chóir go sainaithneofaí inti an chuid sin den reachtaíocht CFC is cúis leis an amhras
  • ba chóir go sainaithneofaí inti an tsuim chánach nó asbhainteachta a bhfuil amhras fúithi
  • agus
  • ba chóir aon doiciméid tacaíochta ábhartha a bheith chur ar fáil léi, agus go luafaí inti cé acu an bhfuarthas comhairle ghairmiúil ábhartha ar an ábhar nó nach bhfuarthas.

Nuair a ghlacann na Coimisinéirí leis gur fíor-léiriú amhrais é, déanfar rialú ar chánachas ceart an idirbhirt. Féadfaidh cáin bhreise a bheith dlite mar thoradh ar an rialú seo. Má íoctar an cháin seo taobh istigh de mhí amháin ó dháta an rialaithe, ní ghearrfar ús. Mura nglacann na Coimisinéirí Ioncaim leis go bhfuil do léiriú amhrais fíor, cuirfear an méid sin in iúl duit i scríbhinn. Sa chás seo, beidh ús iníoctha ar aon cháin bhreise dhlite.

Féadfaidh sé nach nglacfaidh na Coimisinéirí Ioncaim le do léiriú amhrais más rud é:

  • gur eisigh muid treoirlínte ginearálta maidir leis an gcaoi a bhfeidhmítear an dlí i gcásanna den chineál céanna
  • go measann na Coimisinéirí Ioncaim go bhfuil an t-ábhar saor a dhóthain ó amhras
  • go measann na Coimisinéirí Ioncaim go bhfuil an duine cuntasach ag déanamh iarrachta an cháin a sheachaint nó a imghabháil.

Mura n-aontaíonn tú le diúltú na gCoimisinéirí Ioncaim do do léiriú amhrais, féadtar achomharc a chur faoi bhráid an Choimisiúin um Achomhairc Chánach.

Ar aghaidh: Cén chaoi le do Cháin Fháltais Chaipitiúla (CFC) a íoc ar líne