Cáin Bhronntanais agus Oidhreachta (Cáin Fáltas Caipitiúil – CFC)

Cén chaoi agus cén uair a íocann tú?

Féadtar do thuairisceán a thíolacadh ar líne trí:

I gcúinsí áirithe, féadfaidh sé go mbeifeá in ann do thuairisceán a thíolacadh ar pháipéar trí Foirm IT38S. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach ar Do Thuairisceán Cánach Bronntanais nó Oidhreachta (IT38) a chomhlánú.

Má thiteann an dáta luachála idir an 1 Eanáir agus an 31 Lúnasa, ní mór duit íocaíocht a dhéanamh agus an tuairisceán a thíolacadh faoin 31 Deireadh Fómhair den bhliain sin. Má thiteann sé idir an 1 Meán Fómhair agus an 31 Nollaig, ní mór duit íocaíocht a dhéanamh agus an tuairisceán a thíolacadh faoin 31 Deireadh Fómhair den chéad bhliain eile.

Féadtar do chuid CFC a íoc ar líne, le cárta dochair nó creidmheasa, nó trí Ríomhaistriú Airgid.

Ar aghaidh: Cumhachtaí cúlghairme