Cáin Bhronntanais agus Oidhreachta (Cáin Fáltas Caipitiúil – CFC)

Cén chaoi a ríomhtar CFC?

Déantar na ríomhanna go huathoibríoch nuair a úsáidtear moChúrsaíSeirbhís ar Líne na gCoimininéirí Ioncaim (ROS) chun do thuairisceán chánach a thíolacadh.

Braitheann an méid CFC a íocann tú ar bhronntanas nó oidhreacht ar:

  • a luach
  • do ghaol leis an duine a thug duit é
  • agus
  • chibé an bhfuair tú bronntanais nó oidhreachtaí eile nó nach bhfuair lastigh den grúpthairseach céanna.

Níl ort cáin a íoc ar bhronntanas nó oidhreacht más rud é:

Braitheann an tairseach a úsáideann tú ar do ghaol leis an duine a thug an bronntanas nó oidhreacht duit.

Chun an méid CFC is gá duit a íoc a ríomh, ní mór duit do grúpthairseach agus ráta cánach ceart a bheith ar eolas agat. Cinntear iad seo de réir dáta an bhronntanais nó na hoidhreachta. Is gá go mbeadh luach an tsochair a fuair tú ar an dáta luachála ar eolas agat chomh maith.

Ní gá duit cáin a íoc ach ar luach bronntanais nó oidhreachta os cionn shuim na grúpthairsí saor ó cháin. Féadtar an tsuim incháinithe seo a laghdú trí fhaoisimhdíolúintí agus creidmheasanna cuí.

Chun CFC a ríomh, ní mór duit sochar reatha a chur le aon bhronntanais nó oidhreachtaí a fuair tú cheana faoin ngrúpthairseach céanna ón 5 Nollaig 1991.

Bronntanais a roinnt

Má aistrítear bronntanas chuig duine eile i ngrúpa eile taobh istigh de thrí bliana tar éis iad a fháil, tugtar bronntanas a roinnt air seo. Bíonn tionchar ag bronntanas a roinnt ar an tairseach a úsáidtear.

CFC íoctha ag an diúscróir

Féadfar an diúscróir an cháin a íoc ar do bhronntanas nó oidhreacht. Sa chás seo, méadaíonn méid d’oidhreachta de réir an méid cánach a d’íoc an diúscróir.

Ar aghaidh: Cén chaoi agus cén uair a íocann tú?