Tairseacha, rátaí agus rialacha um chomhiomlánú don Cháin Fáltas Caipitiúil (CFC)

Rátaí CFC

Is é an ráta reatha CFC ná 33%. Tá feidhm ag an ráta seo maidir le bronntanais agus oidhreachtaí a fhaightear ar an 6 Nollaig 2012, nó dá éis.

Is iad seo a leanas na rátaí atá i bhfeidhm ón 1 Nollaig 1999.

Rátaí CFC le haghaidh oidhreachtaí nó bronntanas
Dáta an tsochairSuim na tairsíAn t-iarmhéid

Ar an 06 Nollaig 2012, nó dá éis

Náid

33%

07 Nollaig 2011 – 05 Nollaig 2012

Náid

30%

08 Aibreán 2009 – 06 Nollaig 2011

Náid

25%

20 Samhain 2008 – 07 Aibreán 2009

Náid

22%

01 Nollaig 1999 – 19 Samhain 2008

Náid

20%

Tabhair do d’aire

Níl aon laghdú ar an muirear i dtaca le bronntanais.

Ar aghaidh: Grúpthairseacha CFC