Creidmheasanna a fhéadtar a éileamh in aghaidh na Cánach Fáltas Caipitiúil (CFC)

CFC roimhe seo ar an imeacht chéanna

Féadfaidh duine maoin a bhronnadh nó a thiomnú ar thionónta saoil. Tá leas teoranta ag tionónta saoil, a chríochnaíonn ar bhás an tionónta saoil. Féadfaidh tríú páirtí an mhaoin a fháil le hoidhreacht go hiomlán. Tagann an tríú páirtí, ar a dtugtar fuíollaí, de bheith faoi dhliteanas CFC ar bhás an tionónta saoil.

Ní éiríonn le roinnt leas teoranta a rás a rith. Briseann an socraíocht síos mar thoradh air seo. Nuair a tharlaíonn sé seo, féadfaidh sé go mbeidh níos mó ná muirear amháin CFC ar an maoin céanna ar an imeacht céanna. Ceadaítear an cháin atá dlite ar dtús mar chreidmheas in aghaidh na cánach a thagann de bheith dlite ag tráth níos déanaí.

Is iad seo a leanas na cúinsí as a n-eascraíonn muirear dúbailte CFC ar an maoin céanna ar an imeacht céanna:

  • déanann an fuíollaí a leas todhchaí sa mhaoin a dhiúscairt go dtí trí páirtí roimh bhás an tionónta saoil
  • scaoileann an tionónta saoil an leas teoranta don bhfuíollaí
  • scaoileann an fuíollaí a leas don tionónta saoil
  • déanann an fuíollaí agus an tionónta saoil an mhaoin a scaireadh eatarthu.

Cén chaoi a n-éilítear an creidmheas?

Chun an creidmheas a éileamh, is gá duit tuairisceán CFC a thíolacadh ar líne trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) nó moChúrsaí.