Creidmheasanna a fhéadtar a éileamh in aghaidh na Cánach Fáltas Caipitiúil (CFC)

Creidmheas le haghaidh cánachas dúbailte

D’fhéadfadh eachtra tarlú as a n-eascrófaí muirear CFC in Éirinn agus cáin den chineál céanna i dtír eile. Nuair atá rialacha cánachais difriúla ag tíortha, féadfaidh an bronntanas nó oidhreacht teacht faoi réir cánach i níos mó ná tír amháin. Féadann cánachas a bheith bunaithe ar chónaitheacht, náisiúntacht, shainchónaitheacht, nó suíomh fisiciúil na maoine.

Déanfaidh Éire faoiseamh a dheonú ar cháin eachtrach a íocadh ar mhaoin eactrach, faoi réir coinníollacha áirithe. Tá dhá chomhaontú ag Éire chun críocha CFC, ceann leis an Ríocht Aontaithe agus ceann leis na Stáit Aontaithe Mheiriceá. Foráiltear d’fhaoiseamh ó chánachas dúbailte sa sna comhaontuithe seo. Féadtar tuilleadh eolais a fháil ar na comhaontuithe seo agus an chaoi leis an bhfaoiseamh a éileamh ar leathanaigh 4 agus 5 sa rannán seo.

I gcás tíortha nach bhfuil aon chomhaontú um chánachas dúbailte i bhfeidhm, tá faoiseamh aontaobhach ar fáil. Féadtar tuilleadh eolais a fháil agus an chaoi leis an bhfaoiseamh seo a éileamh ar leathanach 6 sa rannán seo.

Ar aghaidh: Faoiseamh ó Chánachas Dúbailte (Ríocht Aontaithe)