Creidmheasanna a fhéadtar a éileamh in aghaidh na Cánach Fáltas Caipitiúil (CFC)

Creidmheas i leith Cáin Gnóthachan Caipitiúil (CGC)

Féadfaidh sé go mbeidh CGC agus CFC inmhuirir ar an maoin chéanna agus ar an imeacht chéanna.  Nuair a tharlaíonn sé seo, féadfaidh sé go mbeidh tú i dteideal creidmheas le haghaidh CGC íoctha ag an diúscróir in aghaidh do dhliteanais CFC.

Féadfaidh sé go mbeidh an CFC iníoctha ag an tairbhí níos mó ná, nó níos lú ná, an CGC íoctha ag an diúscróir. Tá sé seo amhlaidh toisc go bhfuil na modhanna ríofa do CFC agus CGC éagsúil. Is iad seo a leanas na cúinsí ina bhféadtar creidmheas CGC a éileamh:

  • faigheann tú maoine, stoic agus scaireanna mar bhronntanais
  • faigheann tionónta saoil bás agus tagann leas eile saoil chun cinn. Is éard is tionónta saoil ann ná duine a fhaigheann sócmhainn ar feadh a saoil le hoidhreacht. Nuair a fhaigheann tionónta saoil bás, aistríonn an leas teoranta do dhuine ainmnithe eile, nó ar ais chuig an eastát.
  • déanann iontaobhaithe iontaobhais maoin a ainmniú ó iontaobhas lánroghnach. Tá feidhm aige seo nuair atá an t-iontaobhas cruthaithe ag uacht nó socraíocht le linn saol an tsocraitheora.
  • nuair a bhristear suas iontaobhas go luath.

Ní fhéadann an CGC atá le tabhairt mar chreidmheas bheith níos mó ná an tsuim CFC iníoctha ar an maoin agus a ngearrfar cáin air faoi dhó.

Sampla

Tugann Seán scaireanna agus airgead tirim do Shéamus mar bhronntanas. Is é €900 iomlán an CFC ar an mbronntanas (baineann €500 de seo leis na scaireanna). Níl ach na scaireanna faoi réir CGC. Is é €600 an CGC iníoctha ar an scaireanna.

Ní fhéadann an creidmheas do CGC bheith níos mó ná suim an CFC ar na scaireanna. Dá bhrí sin, is é €500 (ní €600) an creidmheas do CGC íoctha agus is é seo an tsuim a fhéadann Séamus a éileamh.

Is é €400 (€900-€500) an CFC athbhreithnithe atá le híoc ag Séamus.

Tabhair do d’aire:

D’fhéadfadh CGC teacht chun cinn ar shócmhainní ar dhiúscairt le linn riar an eastáit. Nuair atá sé seo i gceist, níl feidhm ag creidmheas le haghaidh CGC in aghaidh CFC. Tá sé seo amhlaidh toisc nár tháinig an CGC chun cinn mar gheall ar an oidhreacht agus is é sin is cúis leis an CFC. Féadtar suim an CGC íoctha a asbhaint mar dhliteanas chun teacht ar luach incháinithe na hoidhreachta.

Cén chaoi a n-éilítear an creidmheas CGC?

Chun an creidmheas a éileamh, is gá duit tuairisceán CFC a thíolacadh ar líne trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS)moChúrsaí.

Aisghlámadh creidmheasa

Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an creidmheas a aisghlámadh má:

  • fuair tú bronntanas nó oidhreacht ar an 21 Feabhra 2006, nó dá éis sin
  • agus
  • déanann tú é a dhiúscairt taobh istigh de dhá bhliain.

Ar aghaidh: Creidmheas le haghaidh cánachas dúbailte