Creidmheasanna a fhéadtar a éileamh in aghaidh na Cánach Fáltas Caipitiúil (CFC)

Faoiseamh ó Chánachas Dúbailte (Ríocht Aontaithe)

Clúdaítear sa chomhaontú idir Éire agus an Ríocht Aontaithe CFC in Éirinn agus Cáin Oidhreachta sa Ríocht Aontaithe. Gearrann Éire CFC bunaithe ar chónaitheacht an duine éagtha (an diúscróir) nó an duine a fhaigheann an tairbhe (an tairbhí). Gearrann an Ríocht Aontaithe cáin bunaithe ar shainchónaí an duine éagtha. Is éard is sainchónaí ann ná an áit inar mheas an duine sin mar a n-áit chónaithe.

Tugtar leagáidí iarmharach ar an duine a fhaigheann an chuid eile den eastát tar éis na fiachais agus leagáidí uile a íoc. Go ginearálta, faigheann an duine seo an faoiseamh. Chun cáiliú don fhaoiseamh, ní mór don duine seo cáin a íoc in Éirinn.  

Is iad seo a leanas príomhshonraí an Chomhaontaithe:

  • Tabharfaidh Éire creidmheas don cháin a íocadh ar an maoin sa Ríocht Aontaithe ag cibé acu is ísle de ráta cánach Éifeachtach na hÉireann nó na Ríochta Aontaithe.
  • Ní fhéadann an creidmheas a thabharfar bheith níos mó ná an cháin Éireanach íoctha.
  • Is é an leagáidí iarmharach an duine atá i dteideal an creidmheas a fháil sa chás go bhfuil réadtiomnú nó tiomnacht shonrach de mhaoin eachtrach. Is éard is réadtiomnú ann ná maoin réadach agus is éard is tiomnacht ann ná maoin phearsanta. Sa chás sin, faigheann an réadtiomnú sonrach an creidmheas le haghaidh cáin na Ríochta Aontaithe a íocadh.
  • Má fhaightear maoin sa Ríocht Aontaithe le hoidhreacht, féadtar creidmheas a éileamh in aghaidh do dhliteanais CFC, ar an gcoinníoll gur íoc tú cáin na Ríochta Aontaithe ar an maoin sin.

Cinntítear leis an gcomhaontú go dtugann an tír nach bhfuil an mhaoin suite creidmheas don cháin a íocadh sa tír ina bhfuil an mhaoin suite. 

Ní thugtar creidmheas ach amháin má ghearrtar cáin ar an maoin chéanna, sa dhá thír, ar an imeacht chéanna. Ní thugtar é ach don duine a íocann cáin sa dhá thír.

Tabhair do d'aire

Féach Statutory Instrument No.279 of 1978 chun tuilleadh treorach a fháil ar Fhaoiseamh ó Chánachas Dúbailte ar eastáit daoine éagtha, oidhreachtaí agus bronntanais.

Cén chaoi a n-éilítear an Faoiseamh um Chánachas Dúbailte (Ríocht Aontaithe)?

Chun an faoiseamh a éileamh, ní mór tuairisceán CFC a thíolacadh ar líne trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) nó moChúrsaí. Cuireann údaráis chánach na Ríochta Aontaithe, HM Revenue & Customs, deimhniú um Cháin Oidhreachta ar fáil i leith cáin a íocadh sa Ríocht Aontaithe. Ní mór é seo a thíolacadh don Aonad CFC chun tacú le d’éileamh. Deimhnítear an méid seo a leanas ar an deimhniú:

  • iomlán na cánach oidhreachta de chuid na Ríochta Aontaithe ar an maoin
  • an mhaoin agus a luach a gearradh cáin na Ríochta Aontaithe ina leith
  • an dáta a íocadh na cánach
  • go ndearnadh an cháin a ríomh i gcomhréir leis an gcomhaontú
  • go bhfuil an cháin críochnaitheach, agus nach bhfuil aon iarratas ar aisíocaíocht cánach na Ríochta Aontaithe ar feitheamh
  • má dhéanann an Ríocht Aontaithe aisíocaíocht ina dhiaidh, go gcuirtear é sin in iúl do na Coimisinéirí Ioncaim.

Ní mór an deimhniú seo a choinneáil le haghaidh sé bliana agus é a chur ar fáil le haghaidh iniúchadh, má iarrann na Coimisinéirí Ioncaim é.

Tabhair do d’aire:

Tá teorainn ama ann le haghaidh creidmheas a éileamh nó aisíoc cánach. Is gá iarratas a dhéanamh taobh istigh de shé bliana ó dháta na himeachta lena bhfuil an t-éileamh á dhéanamh.

Ar aghaidh: Faoiseamh ó Chánachas Dúbailte (SAM)