Creidmheasanna a fhéadtar a éileamh in aghaidh na Cánach Fáltas Caipitiúil (CFC)

Faoiseamh ó Chánachas Dúbailte (SAM)

Clúdaítear sa coinbhinsiún idir Éire agus na Stáit Aontaithe Mheiriceá (SAM) cáin oidhreachta in Éirinn agus cánacha eastáit tithíochta sna Stáit Aontaithe. Ní bhaineann sé le cáin bhronntanais. Níl feidhm aige ach an oiread le haon cháin a bhaineann le dleachtanna bháis, a d’fhéadfadh stáit de chuid na Stáit Aontaithe a fheidhmiú.  

Má fhaightear maoin SAM le hoidhreacht, féadtar creidmheas a éileamh in aghaidh do dhliteanais CFC, ar an gcoinníoll gur íoc tú cáin eastáit chónaidhm SAM ar an maoin sin. 

Tabharfaidh Éire creidmheas don cháin a íocadh ar an maoin SAM ag cibé acu is ísle de ráta cánach Éifeachtach na hÉireann nó SAM. Ní fhéadann an creidmheas a thabharfar bheith níos mó ná an cháin Éireanach íoctha.

Déantar foráil sa coinbhinsiún nach bhféadann Éire cáin a ghearradh ar mhaoin suite go heachtrach ach amháin má fuair an diúscróir bás:

  • nuair a bhí sainchónaí orthu in Éirinn
  • nuair a bhí neamh-shainchónaí orthu sna Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Dá bhrí sin, níl tairbhí atá cónaitheach in Éirinn faoi dhliteanas CFC ar mhaoin suite go heachtrach sna Stáit Aontaithe a fháil mar thairbhe ó dhiúscróir sainchónaitheach sna Stáit Aontaithe.

Tá cód sa coinbhinsiún SAM ar a dtugtar “Situs Code”, agus tá feidhm aige seo sa chás go bhfuair an duine éagtha bás nuair a bhí sainchónaí orthu in Éirinn nó sna Stáit Aontaithe (nó araon). Leagann an cód amach na rialacha maidir le situs (suíomh) na n-aicmí éagsúla maoine a chinneadh.

Coinbhinsiún Éire - SAM: Cód Situs

Aicme na Maoine

Situs na Maoine a nGearrfar Cáin ar

Maoin dho-aistrithe

(amhail talamh agus tithe)

Áit atá an mhaoin suite

Maoin inaistrithe inláimhsithe

(amhail airgeadra,bille malairte soshannta, nótaí gealltanais)

Áit atá an mhaoin suite ag tráth an bháis nó, más in idirthuras, ag áit na himeachta

Fiachais atá dlite don duine éagtha – urraithe nó neamhurraithe

(mar shampla cuntais bhainc, morgáistí, díbhinní, scaireanna i gcorparáidí Rialtais nó bardasach)

Áit sainchónaithe an duine éagtha ag tráth an bháis

Scaireanna nó stoc i gcorparáid (seachas corparáid Rialtais nó bardasach)

Áit inar chruthaíodh an corparáid nó ar faoina ndlí a cruthaíodh an corparáid

Polasaithe árachais

Áit sainchónaithe an duine éagtha ag tráth an bháis

Longa agus aerárthaigh

Áit an chlárúcháin

Cáilmheas gnó

Áit a raibh gnó ar siúl

Paitinní, trádmharcanna agus dearthaí

Áit an chlárúcháin

Cóipcheart, saincheadúnais agus cearta ceadúnais chun aon ábhar cóipchirt, paitinne, trádmhairc nó dearaidh a úsáid

Áit ina bhfuil na cearta infheidhmithe

Ceart nó cúiseanna caingin ex delicto atá ar marthain chun tairbhe eastáit éagaigh

Áit inar éirigh na cearta nó na cúiseanna caingin sin

Fiachas breithiúnais

Áit ina dtaifeadtar an breithiúnas

Tabhair do d'aire:

Féach an Finance Act 1950 Double Taxation Treaty idir Éire agus Stáit Aontaithe Mheiriceá chun tuilleadh treorach a fháil maidir le cánacha ar eastáit daoine éagtha.

Cén chaoi a n-éilítear an Faoiseamh um Chánachas Dúbailte (SAM)?

Chun an faoiseamh a éileamh, ní mór tuairisceán CFC a thíolacadh ar líne trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) nó moChúrsaí. Ba chóir doiciméid ó húdaráis cánach na Stáit Aontaithe a thíolacadh chun tacú le d’éileamh. 

Tabhair do d'aire:

Ní mór éileamh ar chreidmheas (nó ar aisíocaíocht chánach lena mbaineann) a dhéanamh taobh istigh de shé bliana ó dháta bháis an diúscróra.

Ar aghaidh: Faoiseamh aontaobhach