Díolúine chánach do charthanais

Carthanais atá díomhaoin nó atá á bhfoirceannadh

Mura bhfuil do charthanas in ann leanúint ar aghaidh lena chuspóir carthanúil, ní mór duit:

  • teagmháil a dhéanamh leis an Rialtóir Carthanais lena cinntiú go bhfuil an correct winding up guidance procedure ceart á leanúint agat
  • Aonad na nDíolúintí Carthanas agus Spóirt a chur ar an eolas trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS)
  • agus
  • iarratas ar fhoirceannadh a thíolacadh trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) agus do chuid pleananna don charthanas a leagan amach.

Ba chóir duit an méid thíos a cheangal leis:

  • cuntais airgeadais deiridh ag an am scoir
  • agus
  • deimhniú i leith faighteoirí aon chistí nó sócmhainní iarmharacha.

Ar aghaidh: Carthanais a bhfuil a struchtúr dlíthiúil á athrú