Díolúine chánach do charthanais

Díolúine chánach do charthanais a tharraingt siar

Déanfar díolúine chánach do charthanais a tharraingt siar sa chás go bhfuil carthanas:

  • á bhfoirceannadh
  • faoi leachtú
  • neamhchláraithe leis an Rialálaí Carthanas
  • nuair is cuideachta theoranta an carthanas agus tá an Oifig um Chlárú Cuideachtaí (CRO) tar éis é a dhíscaoileadh.

Eiseoidh Na Coimisinéirí Ioncaim deimhniú i scríbhinn más rud é gur tarraingíodh siar an díolúine chánach sin.

Cén uair a d'fhéadfadh sé nach mbeidh feidhm ag an díolúine chánach a thuilleadh?

Féadfaidh sé go gcinnfidh na Coimisinéirí Ioncaim nach bhfuil feidhm ag an díolúine chánach a thuilleadh más rud é:

  • nach bhfuil do charthanas i dteagmháil leis na Coimisinéirí Ioncaim. Mar shampla, tá dliteanas cánach amuigh ag do charthanas nó níor chuir sé cuntais nó doiciméid eile ar fáil mar a iarrtar
  • Nach bhfuil do charthanas in ann leanúint ar aghaidh lena chuspóir carthanúil agus tá gníomhaíochtaí scortha ag an gcarthanas
  • nuair a chinneann Na Coimisinéirí Ioncaim nach gcáilíonn an carthanas don díolúine chánach a thuilleadh.

Sna cúinsí seo, eiseoidh na Coimisinéirí Ioncaim fógra i scríbhinn ina leagfar amach na cúiseanna le díolúine chánach a tharraingt siar. Beidh 21 lá agat chun na doiciméid tacaíochta a chur ar fáil maidir le d’éileamh ar dhíolúine chánach. Má chinneann na Coimisinéirí Ioncaim, tar éis an phróisis seo, go bhféadtar leanúint ar aghaidh leis an díolúine chánach, deimhneofar é seo duit i scríbhinn.

Eiseoidh na Coimisinéirí Ioncaim cinneadh foirmiúil i leith an díolúine chánach a tharraingt siar más rud é, tar éis 21 lá:

  • nach bhfuil teagmháil déanta agat leis na Coimisinéirí Ioncaim
  • nár chuir tú an eolas a iarradh ar fáil 
  • tar éis faisnéis bhreise a fháil, tá sé fós den tuairim ag na Coimisinéirí Ioncaim gur chóir an díolúine chánach a tharraingt siar.

Fógraí don Rialálaí Carthanas

Cuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim in iúl don Rialálaí Carthanas más rud é gur tarraingíodh siar do dhíolúine chánach.

Achomharc a dhéanamh ar chinneadh i leith díolúine chánach a tharraingt siar

Féadtar achomharc a dhéanamh in aghaidh cinneadh na gCoimisinéirí Ioncaim i leith díolúine chánach a tharraingt siar trí achomharc a dhéanamh go díreach leis An gCoimisiún um Achomhairc Chánach. Ní mór an t-achomharc a dhéanamh taobh istigh de 30 lá ó eisíodh cinneadh foirmiúil na gCoimisinéirí Ioncaim.