Díolúine chánach do charthanais

Coinníollacha i leith díolúine chánach do charthanais a choinneáil

Nuair a bheidh díolúine deonaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim do do charthanas, ní mór dó leanúint den mhéid seo:

  • de bheith comhlíontach ó thaobh cánach de
  • a stádas carthanais a choinneáil leis an Rialálaí Carthanas
  • cloí leis an Acht Carthanas, 2009
  • a ioncam uile a úsáid dá phríomhchuspóir carthanúil amháin
  • agus
  • taifid agus cuntais chuí a choinneáil.

Ina theannta sin, ní mór do do charthanas:

  • cóip a thíolacadh de chuntais airgeadais na chéad bhliana laistigh de 18 mí ón díolúine a fháil
  • cuntais iniúchta a choinneáil má tá d’ioncam bliantúil os cionn €250,000
  • fógra a chur chuig Aonad na nDíolúintí Carthanas agus Spóirt maidir le haon athrú ar shonraí
  • agus
  • ceadú i scríbhinn roimh ré a iarraidh ó Aonad na nDíolúintí Carthanas agus Spóirt má tá sé ar intinn agat cistí a charnadh ar feadh tréimhse níos faide ná dhá bhliain. Ba chóir na sonraí leis an gcarnadh a bheith san áireamh ann seo.

Ba chóir na doiciméid uile a thíolacadh d’Aonad na nDíolúintí Carthanas agus Spóirt trí M’Fhiosruithe i Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).

Más mian le do charthanas trádáil a dhéanamh, ní mór duit ceadú a iarraidh ó Aonad na nDíolúintí Carthanas agus Spóirt. Ba chóir duit tuairisc a chur ar fáil san áis M’Fhiosruithe de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim ina sonraítear an chaoi a bhfeabhsaíonn gníomhaíochtaí trádála do chuspóir carthanúil. 

Ina theannta sin:

  • ní fhéadtar do bhrabúis trádála a úsáid ach le haghaidh do phríomhchuspóir carthanúil
  • ba chóir gníomhaíochtaí trádála a dhéanamh ag an am céanna le do phríomhchuspóir carthanúil
  • agus
  • ba chóir go ndéanfaidh tairbhithe do charthanais formhór na ngníomhaíochtaí trádála.

Féadfaidh sé go dtarraingeoidh na Coimisinéirí Ioncaim an díolúine siar mura gcloíonn do charthanas leis na coinníollacha seo. Má tharlaíonn sé seo, féadtar an díolúine a tharraingt siar ón dáta a deonaíodh ar dtús é.

Ar aghaidh: Carthanais atá díomhaoin nó atá á bhfoirceannadh